Go dtí 21 Nollaig 2021, féadfaidh na Ballstáit leanúint d'fhorálacha náisiúnta níos déine um chosaint tomhaltóirí nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos in Airteagal 102 go hAirteagal 115 a fheidhmiú ar choinníoll go raibh na forálacha sin i bhfeidhm an 20 Nollaig 2018 agus go bhfuil aon srianta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a thagann as an méid sin comhréireach le cuspóir na cosanta tomhaltóra.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2019 i ndáil le haon forálacha náisiúnta a bheidh le cur i bhfeidhm ar bhonn na míre seo.