|
+Airteagal 102 3. |
Airteagal 102 3.Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, achoimre bheacht sholéite den chonradh. Sainaithneoidh an achoimhre sin príomheilimintí na gceanglas faisnéise i gcomhréir le mír 1. Áireofar leis na príomheilimintí sin ar a laghad:
(a)
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil, faisnéis teagmhála le haghaidh gearán;
(b)
príomhghnéithe gach seirbhís a chuirtear ar fáil;
(c)
na praghsanna faoi seach le haghaidh na seirbhíse cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus maidir le haon mhuirir athfhillteacha nó tomhaltasbhainteacha, i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar íocaíocht dhíreach airgeadaíochta;
(d)
ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh;
(e)
a mhéid atá na táirgí agus na seirbhísí ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;
(f)
maidir le seirbhísí rochtana idirlín, achoimre ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun pointí (d) agus (e) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 2015/2120. Faoin 21 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú a bheidh le húsáid ag soláthraithe chun a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4). Soláthraithe atá faoi réir na n-oibleagáidí i mír 1 go mír 4, déanfaidh siad an fhaisnéis riachtanach a chomhlíonadh go cuí sa teimpléad sin le haghaidh achoimre den chonradh agus soláthróidh siad achoimre den chonradh in aisce do thomhaltóirí, roimh thabhairt i gcrích an chonartha, lena n-áirítear cianchonarthaí. I gcás ina mbeidh sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla an achoimre ar an gconradh a sholáthar ag an uair sin, cuirfear ar fáil í gan aon mhoill mhíchuí ina dhiaidh sin, agus tiocfaidh an conradh in éifeacht nuair a bheidh sé dearbhaithe ag an tomhaltóir go n-aontaíonn sé nó sí leis an achoimre ar an gconradh tar éis í a fháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|