Molfaidh na Ballstáit do sholáthraithe seirbhísí teilifíse digití a áirithiú, nuair is iomchuí, go mbíonn an trealamh teilifíse digití a sholáthraíonn siad dá gcuid úsáideoirí deiridh inoibritheach ionas go mbíonn, nuair is indéanta sin go teicniúil, an trealamh teilifíse digití in-athúsáidte ag soláthraithe eile seirbhísí teilifíse digití.
Gan dochar d'Airteagal 5(2) de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nuair a chuirtear deireadh lena gconradh gur féidir leis na húsáideoirí deiridh an trealamh teilifíse digití a thabhairt ar ais le nós imeachta éasca atá in aisce, murab é go dtaispeánann an soláthraí go bhfuil sé idir-inoibritheach go hiomlán leis na seirbhísí teilifíse digití atá ag soláthraithe eile, lena n-áirítear na cinn ar athraigh an t-úsáideoir deiridh chucu.
Trealamh teilifíse digití atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas idir-inoibritheachta atá sa dara fomhír atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh.