+Airteagal 3 3d.

Airteagal 3 3d.

Gan dochar do mhír 3, ní dheonóidh na Ballstáit tacaíocht nua ná ní dhéanfaidh siad aon tacaíocht a athnuachan do tháirgeadh leictreachais ó bhithmhais foraoise i ngléasraí leictreachais amháin, mura gcomhlíonann leictreachas den sórt sin ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

táirgtear é i réigiún a shainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise soladacha, agus comhlíonann sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Airteagal 29(11) den Treoir seo;

(b) 

táirgtear é trí ghabháil agus stóráil CO2 bithmhaise a chur i bhfeidhm agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29(11), an dara fomhír;

(c) 

táirgtear é i réigiún forimeallach, dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, ar feadh tréimhse theoranta agus é mar chuspóir ina leith úsáid bithmhaise foraoise a chéimniú síos a mhéid is féidir gan difear a dhéanamh don rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán.

Faoi 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tionchar scéimeanna tacaíochta na mBallstát le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear an tionchar ar an mbithéagsúlacht, ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus ar shaobhadh a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh, agus déanfaidh sé measúnú ar an bhféidearthacht i dtaobh tuilleadh srianta maidir le scéimeanna tacaíochta le haghaidh bithmhais foraoise.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.