+Airteagal 3 Sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais do 2030
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 3a.
---+Airteagal 3 3b.
---+Airteagal 3 3c.
---+Airteagal 3 3d.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 4a.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
|
Airteagal 3 Sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais do 2030
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a thiocfaidh 42,5 %, ar a laghad, de sciar iomlán d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Féachfaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2023 a mhéadú go 45 %. Leagfaidh na Ballstáit sprioc tháscach síos do theicneolaíocht nuálach fuinnimh in-athnuaite arb ionann í agus 5 % ar a laghad de thoilleadh fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte faoi 2030.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Leagfaidh na Ballstáit síos rannchuidiú náisiúnta chun an sprioc iomlán sin do 2030 a shocraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach go comhpháirteach mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagail 3 go 5 agus Airteagail 9 go 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Agus dréachtaí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin á n-ullmhú ag na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit breathnú ar an bhfoirmle dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás ina mbaineann an Coimisiún de thátal as, ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1999, nach bhfuil rannchuidiú náisiúnta na mBallstát leordhóthanach chun sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais a bhaint amach le chéile, leanfaidh sé an nós imeachta arna leagadh síos de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 31 den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgtear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n-íoslaghdaítear iarmhairtí saobhacha míchuí ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise agus drochthionchar ar an mbithéagsúlacht, ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus áiritheoidh siad cur i bhfeidhm phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus béim á leagan ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí náisiúnta. Déarfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta le haghaidh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ar bhealach ina seachnófar go dtabharfaí dreasacht do chonairí neamh-inbhuanaithe agus go ndéanfaí an iomaíocht leis na hearnálacha ábhair a shaobhadh, d’fhonn a áirithiú go n-úsáidfear bithmhais adhmaid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas:
(b)
síneadh a chur le saolré seirbhíse táirgí adhmadbhunaithe;
|
|
Airteagal 3 3a.
|
Féadfaidh na Ballstáit maolú ar phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise dá dtagraítear i mír 3 i gcás inar gá chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú. Féadfaidh Ballstáit maolú ar an bprionsabal sin freisin i gcás nach féidir leis an tionsclaíocht áitiúil bithmhais foraoise a úsáid go cainníochtúil nó go teicniúil le haghaidh breisluach eacnamaíoch nó comhshaoil atá níos airde ná táirgeadh fuinnimh, i gcás bunábhair a thagann ó na nithe a leanas:
(a)
gníomhaíochtaí bainistíochta foraoisí riachtanacha, arb é is aidhm dóibh oibríochtaí tanúcháin réamhthráchtála a áirithiú nó gníomhaíochtaí bainistíochta foraoisí riachtanacha a dhéantar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le cosc falscaithe i limistéir ardriosca;
(b)
lománaíocht tarrthála tar éis suaitheadh nádúrtha doiciméadaithe; nó
(c)
baint adhmad áirithe nach mbíonn a saintréithe oiriúnach do shaoráidí próiseála áitiúla.
|
|
Airteagal 3 3b.
|
Uair amháin sa bhliain ar a mhéad, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi achoimre ar na maoluithe ar phrionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise de bhun mhír 3a, mar aon leis na cúiseanna le maoluithe den sórt sin agus an scála geografach a bhfuil feidhm acu maidir leis. Poibleoidh an Coimisiún na fógraí a fhaightear, agus féadfaidh sé tuairim phoiblí a eisiúint maidir le haon cheann díobh.
|
|
Airteagal 3 3c.
|
Ní dheonóidh na Ballstáit tacaíocht dhíreach airgeadais maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
lomáin sáibh, lomáin veiníre, lomáin chruinne de ghrád tionsclaíoch, stumpaí agus fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;
(b)
fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh ó dhramhaíl a loscadh, mura gcomhlíontar na hoibleagáidí maidir le bailiú ar leithligh a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE.
|
|
Airteagal 3 3d.
|
Gan dochar do mhír 3, ní dheonóidh na Ballstáit tacaíocht nua ná ní dhéanfaidh siad aon tacaíocht a athnuachan do tháirgeadh leictreachais ó bhithmhais foraoise i ngléasraí leictreachais amháin, mura gcomhlíonann leictreachas den sórt sin ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
táirgtear é i réigiún a shainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
) i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise soladacha, agus comhlíonann sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Airteagal 29(11) den Treoir seo;
(b)
táirgtear é trí ghabháil agus stóráil CO2 bithmhaise a chur i bhfeidhm agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29(11), an dara fomhír;
(c)
táirgtear é i réigiún forimeallach, dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, ar feadh tréimhse theoranta agus é mar chuspóir ina leith úsáid bithmhaise foraoise a chéimniú síos a mhéid is féidir gan difear a dhéanamh don rochtain ar fhuinneamh sábháilte agus slán.
Faoi 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tionchar scéimeanna tacaíochta na mBallstát le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear an tionchar ar an mbithéagsúlacht, ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus ar shaobhadh a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh, agus déanfaidh sé measúnú ar an bhféidearthacht i dtaobh tuilleadh srianta maidir le scéimeanna tacaíochta le haghaidh bithmhais foraoise.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Ón 1 Eanáir 2021, ní bheidh sciar an fhuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ in olltomhaltas deiridh fuinnimh na mBallstát níos ísle ná an sciar bonnlíne a léirítear sa tríú colún den tábla atá i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. Glacfaidh na Ballstáit pé bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an bonnlíne sin. I gcás nach ndéanann Ballstát an sciar bonnlíne, arna thomhas in imeacht bliana amháin, a choinneáil ar bun, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír d'Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 3 4a.
|
Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna agus bearta tacaíochta a áireamh ann lena n-éascaítear ráta glactha comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite, lena gcumasaítear leictreachas in-athnuaite a úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach le rannchuidiú náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (a)(2), de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, rachaidh an creat sin i ngleic leis na bacainní atá fós ann maidir le hardleibhéal soláthair leictreachais in-athnuaite, lena n-áirítear na bacainní sin a bhaineann le nósanna imeachta um dheonú ceadanna, agus le forbairt an bhonneagair tarchurtha, dáileacháin agus stórála is gá, lena n-áirítear stóráil fuinnimh chomhshuite. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an leictreachas in-athnuaite breise is gá chun freastal ar an éileamh in earnálacha an iompair, na tionsclaíochta, na tógála, agus an téimh agus an fhuaraithe agus maidir le táirgeadh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Féadfaidh na Ballstáit achoimre ar na beartais agus ar na bearta faoin gcreat agus measúnú ar a gcur chun feidhme, faoi seach, a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Tacóidh an Coimisiún le hardleibhéal uaillmhéine na mBallstát trí chreat éascaithe lena mbainfear úsáid níos fearr as cistí an Aontais lena n-áirítear cistí breise a úsáid chun aistriú cóir na réigiún atá dian ar charbón a éascú chuig sciartha méadaithe d'fhuinneamh
►C3
in-athnuaite ◄ , go háirithe ionstraimí airgeadais, chun na gcríoch seo a leanas, ach go háirithe:
(a)
an costas caipitil a bhaineann le tionscadail fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ a laghdú;
(b)
tionscadail agus cláir chun foinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a chomhtháthú sa chóras fuinnimh a fhorbairt, chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú agus cobhsaíocht na heangaí a choinneáil agus chun plódú na heangaí a bhainistiú;
(c)
bonneagar na heangaí tarchurtha agus dáileacháin, gréasáin chliste, saoráidí stórála agus idirnaisc a fhorbairt, agus é de chuspóir go dtiocfaí ar sprioc l 15 % maidir le hidirnascthacht leictreachais faoi 2030, ionas go méadófar an leibhéal fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ is indéanta go teicniúil agus is inacmhainne go heacnamaíoch i gcóras an leictreachais;
(d)
comhar réigiúnach a fheabhsú idir na Ballstáit agus tríú tíortha, trí bhíthin comhthionscadal, scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha agus scéimeanna tacaíochta le haghaidh an fhuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ a oscailt do thairgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.
|
|
Airteagal 3 6.
|
Bunóidh an Coimisiún ardán éascaitheach chun tacú le Ballstáit a dhéanann sásraí comhair a úsáid chun cur le sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais arna socrú i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|