|
+Airteagal 3 5. |
Airteagal 3 5.Tacóidh an Coimisiún le hardleibhéal uaillmhéine na mBallstát trí chreat éascaithe lena mbainfear úsáid níos fearr as cistí an Aontais lena n-áirítear cistí breise a úsáid chun aistriú cóir na réigiún atá dian ar charbón a éascú chuig sciartha méadaithe d'fhuinneamh ►C3 in-athnuaite ◄ , go háirithe ionstraimí airgeadais, chun na gcríoch seo a leanas, ach go háirithe:
(a)
an costas caipitil a bhaineann le tionscadail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ a laghdú;
(b)
tionscadail agus cláir chun foinsí ►C3 in-athnuaite ◄ a chomhtháthú sa chóras fuinnimh a fhorbairt, chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú agus cobhsaíocht na heangaí a choinneáil agus chun plódú na heangaí a bhainistiú;
(c)
bonneagar na heangaí tarchurtha agus dáileacháin, gréasáin chliste, saoráidí stórála agus idirnaisc a fhorbairt, agus é de chuspóir go dtiocfaí ar sprioc l 15 % maidir le hidirnascthacht leictreachais faoi 2030, ionas go méadófar an leibhéal fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ is indéanta go teicniúil agus is inacmhainne go heacnamaíoch i gcóras an leictreachais;
(d)
comhar réigiúnach a fheabhsú idir na Ballstáit agus tríú tíortha, trí bhíthin comhthionscadal, scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha agus scéimeanna tacaíochta le haghaidh an fhuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ a oscailt do thairgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|