+Airteagal 4 Scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.
|
Airteagal 4 Scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Chun go mbainfear amach an sprioc de chuid an Aontais ara socrú in Airteagal 3(1) nó chun an sprioc sin a shárú, mar aon le rannchuidiú na mBallstát faoi seach leis an sprioc sin arna socrú ar an leibhéal náisiúnta do imscaradh an fhuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ , féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Déanfaidh na scéimeanna tacaíochta dreasaíochtaí a chur ar fáil don leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ comhtháthú an leictreachais ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ i margadh an leictreachais ar bhealach margadh-bhunaithe agus margadh-fhreagarthach, ag ag seachaint saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais, mar aon le costais fhéideartha chomhtháthú an chórais agus cobhsaíocht na heangaí a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Déanfar an tacaíocht a thabharfar don leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a dhearadh ar mhodh a chomhtháthóidh an leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a mhéid is féidir le margadh an leictreachais agus a áiritheoidh go mbeidh táirgeoirí fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ ag freagairt do chomharthaí praghsála an mhargaidh agus go mbainfidh siad an t-ioncam is fearr as an margadh. Chuige sin, maidir le scéimeanna tacaíochta dírí praghais, is mar phréimh mhargaidh a dheonófar an tacaíocht sin, a d’fhéadfadh a bheith, inter alia, ar scála aistritheach nó ina préimh shocair. Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le tacaíocht do leictreachas ó na foinsí in-athnuaite a liostaítear in Airteagal 19d(4) de Rialachán (AE) 2019/943, a bhfuil feidhm ag Airteagal 19d(1) den Rialachán sin maidir leis. Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón mhír seo a sholáthar le haghaidh suiteálacha ar mhionscála agus tionscadail taispeántais, gan dochar don dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an margadh inmheánach do leicteachas.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur ar bhealach oscailte, trédhearcach, iomaíoch, neamh-idirdhealaitheach agus costéifeachtúil a bhronnfar tacaíocht don leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ . Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a sholáthar ó nósanna imeachta tairisceana le haghaidh suiteálacha ar mhionscála agus tionscadail taispeántais. Féadfaidh na Ballstáit a machnamh a dhéanamh freisin faoi shásraí a bhunú lena n-áiritheofar an t-éagsúlú réigiúnach ar imscaradh foinsí
►C3
in-athnuaite ◄ fuinnimh go háirithe ar mhaithe le comhtháthú costéifeachtach an chórais a áirithiú.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta tairisceana a theorannú go teicneolaíochtaí sonracha i gcás nach mbeadh an toradh is fearr agus is feiliúnaí ar scéimeanna tacaíochta a oscailt do na tháirgeoirí uile leictreachais ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ , i bhfianaise an mhéid seo a leanas:
(a)
poitéinseal fadtéarmach teicneolaíochta áirithe;
(b)
an gá le héagsúlú a bhaint amach;
(c)
costais chomhtháthaithe na heangaí;
(d)
srianta gréasáin agus cobhsaíocht na heangaí;
(e)
i gcás bithmhaise, an gá le saobhadh a sheachaint ar mhargaí na n-amhábhar.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Nuair a thugtar tacaíocht do leictreachas ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ trí bhithín nósanna imeachta tairisceana, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas d'fhonn rátaí arda cur i gcrích tionscadal a áirithiú:
(a)
critéir neamh-idirdhealaitheacha thrédhearcacha a bhunú agus a fhoilsiú chun cáiliú don nós imeachta tairisceana agus dátaí agus rialacha soiléire a shocrú chun an tionscadal a sholáthar;
(b)
faisnéis a fhoilsiú faoi nósanna imeachta tairisceana a rinneadh roimhe seo lena n-áirítear na rátaí cur i gcrích tionscadal.
|
|
Airteagal 4 7.
|
D'fhonn giniúint fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a mhéadú sna réigiúin fhorimeallacha agus sna hoileáin bheaga, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta airgeadais a oiriúnú i gcomhair tionscadail atá lonnaithe sna réigiúin sin d'fhonn na costais táirgthe a bhaineann go sonrach lena n-iargúltacht agus lena spleáchas seachtrach a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 4 8.
|
Faoin 31 Nollaig 2021 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmíocht na tacaíochta le haghaidh leictreachais ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a thugtar trí nósanna imeachta tairisceana san Aontas, agus anailís á déanamh, go háirithe, an féidir na nithe seo a leanas a dhéanamh trí iarratais a dhéanamh ar thairiscintí:
(a)
laghdú costais a bhaint amach;
(b)
feabhsú teicneolaíochta a bhaint amach;
(c)
rátaí arda cur i gcrích a bhaint amach;
(d)
rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach gníomhaithe beaga agus, más infheidhme, údarás áitiúil a sholáthar,;
(e)
tionchar comhshaoil a theorannú;
(f)
inghlacthacht áitiúil a áirithiú;
(g)
slándáil an tsoláthair fuinnimh agus comhtháthú na heangaí a áirithiú.
|
|
Airteagal 4 9.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 de CFAE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|