|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, ríomhfar olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ san earnáil téimh agus fuaraithe mar chion an téimh ceantair agus an fhuaraithe ceantair arna tháirgeadh i mBallstát ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ móide méid an fhuinnimh arna thomhailt ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ i gcomhair téimh, fuaraithe agus próiseála sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht, i dteaghlaigh, i seirbhísí, san fhoraoiseacht agus san iascach. I gcás gléasraí ilbhreoslaithe a úsáideann foinsí ►C3 in-athnuaite ◄ agus neamh- ►C3 in-athnuaite ◄ , ní chuirfear san áireamh ach sciar an téimh agus an fhuaraithe arna tháirgeadh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ . Chun críocha an ríofa sin, déanfar rannchuidiú gach foinse fuinnimh a ríomh ar bhonn a luacha fuinnimh. Cuirfear san áireamh fuinneamh comhthimpeallach agus fuinneamh geotheirmeach arna úsáid ar mhaithe le téamh agus fuarú trí mheán teaschaidéal agus córas fuaraithe ceantair chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 ar choinníoll gur mó i bhfad an t-aschur deiridh fuinnimh ná an t-ionchur príomha fuinnimh is gá chun na teaschaidéil a oibriú. Ríomhfar an cion teasa nó fuachta a mheasfar gur fuinneamh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ é chun críocha na Treorach seo de réir na modheolaíochta arna socrú in Iarscríbhinn VII agus cuirfear san áireamh ann úsáid fuinnimh i ngach earnáil chríochúsáide. Ní chuirfear san áireamh chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 fuinneamh teirmeach arna ghiniúint ag córais fuinnimh éighníomhaigh, ar córais iad lenar féidir tomhaltas fuinnimh níos ísle a bhaint amach go héighníomhach a bhuí le dearadh foirgnimh nó a bhuí le teas arna ghiniúint ag fuinneamh ó fhoinsí neamh- ►C3 in-athnuaite ◄ . Faoin 31 Nollaig 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú chun cion an fhuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ arna úsáid le haghaidh fuaraithe agus le haghaidh fuarú ceantair a ríomh agus chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VII. Áireofar sa mhodheolaíocht sin íosfhachtóirí feidhmíochta séasúracha do theaschaidéil a oibríonn i modh droim-ar-ais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|