|
+Airteagal 9 1a. |
Airteagal 9 1a.Faoin 31 Nollaig 2025, comhaontóidh gach Ballstát go ndéanfar creat le haghaidh comhar maidir le tionscadail chomhpháirteacha a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)
faoin 31 Nollaig 2030, féachfaidh na Ballstáit le teacht ar chomhaontú maidir le dhá thionscadal chomhpháirteacha ar a laghad a bhunú;
(b)
faoin 31 Nollaig 2033, féachfaidh na Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de níos mó ná 100 TWh acu le teacht ar chomhaontú maidir leis an tríú tionscadal comhpháirteach a bhunú. Beidh sainaithint na dtionscadal comhpháirteach fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta comhsheasmhach leis na riachtanais arna sainaithint sna pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh gach imchuach farraige dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943, ach féadfaidh siad dul thar na riachtanais sin agus féadfaidh siad rannpháirt sa tsainaithint sin a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do ghnóthais phríobháideacha. Oibreoidh na Ballstáit i dtreo leithdháileadh cothrom na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le tionscadail chomhpháirteacha. Chuige sin, cuirfidh na Ballstáit costais agus tairbhí ábhartha uile an tionscadail chomhpháirtigh san áireamh sa chomhaontú ábhartha comhair. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chomhaontuithe comhair, lena n-áirítear an dáta a mheasfar a dtiocfaidh na tionscadail chomhpháirteacha chun bheith oibríochtúil. Maidir le tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún ( 13 ), measfar go gcomhlíontar leo na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh na mBallstát lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|