+Airteagal 9 Tionscadail chomhpháirteacha i measc na mBallstát
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 1a.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7a.
|
Airteagal 9 Tionscadail chomhpháirteacha i measc na mBallstát
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó dul i gcomhar maidir le gach cineál tionscadal comhpháirteach a bhaineann le táirgeadh an leictreachais, an téimh nó an fhuaraithe ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ . Thig le hoibreoirí príobháideacha a bheith páirteach sa chomhar sin.
|
|
Airteagal 9 1a.
|
Faoin 31 Nollaig 2025, comhaontóidh gach Ballstát go ndéanfar creat le haghaidh comhar maidir le tionscadail chomhpháirteacha a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)
faoin 31 Nollaig 2030, féachfaidh na Ballstáit le teacht ar chomhaontú maidir le dhá thionscadal chomhpháirteacha ar a laghad a bhunú;
(b)
faoin 31 Nollaig 2033, féachfaidh na Ballstáit a bhfuil tomhaltas leictreachais bliantúil de níos mó ná 100 TWh acu le teacht ar chomhaontú maidir leis an tríú tionscadal comhpháirteach a bhunú.
Beidh sainaithint na dtionscadal comhpháirteach fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta comhsheasmhach leis na riachtanais arna sainaithint sna pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh gach imchuach farraige dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
) agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943, ach féadfaidh siad dul thar na riachtanais sin agus féadfaidh siad rannpháirt sa tsainaithint sin a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do ghnóthais phríobháideacha. Oibreoidh na Ballstáit i dtreo leithdháileadh cothrom na gcostas agus na dtairbhí a bhaineann le tionscadail chomhpháirteacha. Chuige sin, cuirfidh na Ballstáit costais agus tairbhí ábhartha uile an tionscadail chomhpháirtigh san áireamh sa chomhaontú ábhartha comhair. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chomhaontuithe comhair, lena n-áirítear an dáta a mheasfar a dtiocfaidh na tionscadail chomhpháirteacha chun bheith oibríochtúil. Maidir le tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún (
13
), measfar go gcomhlíontar leo na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh na mBallstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcion nó faoin méid leictreachais, téimh nó fuaraithe ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ arna tháirgeadh ag aon tionscadal comhpháirteach ar a gcríocha, a cuireadh i mbun feidhme tar éis 25 Meitheamh 2009, nó arna tháirgeadh de bharr acmhainn mhéadaithe suiteála a athfheistíodh tar éis an dáta sin, agus atá le háireamh i sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ Ballstáit eile chun críocha na Treorach seo.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Déanfar an méid seo a leanas san fhógra dá tagraítear i mír 2:
(a)
cuirfear síos ann ar an tsuiteáil atá á beartú nó sainaithneofar an tsuiteáil a ndearnadh í a athfheistiú;
(b)
sonrófar ann an cion nó an méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe arna tháirgeadh ag an tsuiteáil agus atá le háireamh sa sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ náisiúnta foriomlán atá ag Ballstát eile;
(c)
sainaithneofar ann an Ballstát ar ina fhabhar atá an fógra á dhéanamh; agus
(d)
sonrófar ann an tréimhse, mar bhlianta iomlána féilire, a bhfuil an leictreachas nó an téamh nó an fuarú arna tháirgeadh ag an tsuiteáil ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ le háireamh i sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ an Bhallstáit eile.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Féadfar tréimhse an tionscadail chomhpháirtigh dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú go tráth is déanaí ná 2030.
|
|
Airteagal 9 5.
|
Aon fhógra a thabharfar de bhun an Airteagail seo, ní dhéanfar é a athrú ná a tharraingt siar gan comhaontú ó Bhallstát déanta an fhógra agus ón mBallstát a sainaithníodh i gcomhréir le pointe (c) de mhír 3.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Éascóidh an Coimisiún, ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, bunú tionscadal comhpháirteach idir na Ballstáit, go háirithe trí chúnamh teicniúil tiomnaithe agus trí chúnamh maidir le forbairt tionscadail.
|
|
Airteagal 9 7a.
|
Ar bhonn na spriocanna táscacha do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá le himscaradh laistigh de gach imchuach farraige, arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2022/869, foilseoidh na Ballstáit lena mbaineann faisnéis faoi mhéideanna an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá beartaithe acu a bhaint amach trí thairiscintí, agus an fhéidearthacht theicniúil agus eacnamaíoch don bhonneagar eangaí agus na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana á gcur san áireamh. Féachfaidh na Ballstáit leis an spás a leithdháileadh ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ina gcuid pleananna spásúla muirí, agus na gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana sna limistéir a ndéantar difear dóibh á gcur san áireamh. Chun deonú ceadanna a éascú do thionscadail chomhpháirteacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, laghdóidh na Ballstáit castacht an nós imeachta um dheonú ceadanna, méadóidh siad éifeachtúlacht agus trédhearcacht an nós imeachta sin, feabhsóidh siad an comhar eatarthu féin agus bunóidh siad, i gcás inarb iomchuí, pointe teagmhála aonair. Chun feabhas a chur ar an méid a nglacann an pobal leis sin, féadfaidh na Ballstáit comhphobail fuinnimh in-athnuaite a áireamh i dtionscadail chomhpháirteacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|