|
+Airteagal 11 2. |
Airteagal 11 2.Ní chuirfear san áireamh leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ i dtríú tír chun sciartha fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ a ríomhmeas ach amháin i gcás ina sásaítear na dálaí seo a leanas:
(a)
is san Aontas a thomhlaítear an leictreachas. Measfar gur comhlíonadh an méid sin sna cásanna seo a leanas:
(i)
rinne gach oibreoir córais tarchurtha freagrach sa tír thionscnaimh, sa tír chinn scríbe, agus, más ábhartha, i ngach tríú tír iompair, méid leictreachais, arb ionann é agus an méid leictreachais a áiríodh, a ainmniú go daingean chuig an acmhainn idirnaisc leithdháilte;
(ii)
rinne an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach atá ar thaobh an Aontais d'idirnascaire méid leictreachais, arb ionann é agus an méid leictreachais a áiríodh, a chlárú go daingean sa sceideal cothromúcháin; agus
(iii)
is leis an tréimhse ama chéanna a bhaineann an acmhainn ainmnithe agus an táirgeadh leictreachais ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ a rinneadh sa tsuiteáil dá dtagraítear i bpointe (b);
(b)
táirgtear an leictreachas i suiteáil a cuireadh i mbun feidhme tar éis 25 Meitheamh 2009 nó táirgtear é de bharr acmhainn mhéadaithe suiteála a athfheistíodh tar éis an dáta sin, faoi chuimsiú tionscadal comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1;
(c)
cé is moite den chúnamh infheistíochta a tugadh don tsuiteáil, níl an leictreachas a táirgeadh agus a onnmhairíodh tar éis aon tacaíocht a fháil ó scéim tacaíochta tríú tír; agus
(d)
táirgeadh an leictreachas i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, i dtríú tír ar sínitheoir í leis an Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint nó le coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile nó le conarthaí maidir le cearta an duine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|