|
+Airteagal 11 3. |
Airteagal 11 3.Chun críocha mhír 4, féadfaidh na Ballstáit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin go gcuirfí san áireamh an leictreachas ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ arna tháirgeadh agus arna thomhailt i dtríú tír, i gcomhthéacs idirnascaire a bheith á thógáil, agus aga tionscanta an-fhada ag dul leis an togra sin, ag Ballstát agus ag tríú tír, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tús a bheith curtha le tógáil an idirnascaire faoi 31 Nollaig 2026;
(b)
ní féidir an t-idirnascaire a chur i mbun feidhme faoi 31 Nollaig 2030;
(c)
is féidir an t-idirnascaire a chur i mbun feidhme faoi 31 Nollaig 2032;
(d)
ach a gcuirfear i mbun feidhme é, úsáidfear an t-idirnascaire, i gcomhréir le mír 2, chun leictreachas ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ fuinnimh a onnmhairiú chuig an Aontas;
(e)
baineann an t-iarratas le tionscadal comhpháirteach a shásaíonn na critéir arna socrú i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2 agus is tionscadal comhpháirteach é a úsáidfidh an t-idirnascaire tar éis dó dul i mbun feidhme agus a bhaineann le méid leictreachais nach mó ná an méid a onnmhaireofar chuig an Aontas tar éis don idirnascaire dul i mbun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|