|
+Airteagal 15 1. |
Airteagal 15 1.Aon rialacha náisiúnta a bhaineann le nósanna imeachta údarúcháin, deimhniúcháin agus ceadúnúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar ghléasraí agus ar ghréasáin ghaolmhara tarchurtha agus dáileacháin lena dtáirgtear leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, agus a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas a bhaineann le bithmhais a chlaochlú go bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise nó táirgí eile fuinnimh, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus riachtanach agus go rannchuideofar leo le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme. Glacfaidh na Ballstáit, go háirithe, pé bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
go mbeidh nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe agus go gcuirfear dlús leo ar an leibhéal riaracháin iomchuí agus go mbunófar amchláir intuartha do na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír;
(b)
go mbeidh na rialacha sin a bhaineann le údarú, deimhniú agus ceadúnú a rialú, go mbeidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach, agus nach ndéanfar aon idirdhealú iontu idir na hiarratasóirí, agus go dtabharfar san áireamh go hiomlán iontu sainghnéithe theicneolaíochtaí éagsúla an fhuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ ;
(c)
go mbeidh na muirir riaracháin a ghearrfar ar thomhaltóirí, pleanálaithe, ailtirí, tógálaithe, agus ar lucht suiteála agus soláthar trealaimh agus córais, go mbeidh siad trédhearcach agus i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leo; agus
(d)
go mbunófar nósanna imeachta údarúcháin simplithe a mbeidh ualach níos lú ag baint leo, lena n-áirítear nós imeachta fógra simplí a thabhairt i dtaca le feistí díláraithe, agus lena dtáirgtear agus lena stóráiltear fuinneamh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ . 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|