+Airteagal 15a 3.

Airteagal 15a 3.

Tabharfaidh na Ballstáit bearta iomchuí isteach ina rialacháin náisiúnta agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta, chun méadú a dhéanamh ar an sciar de leictreachas agus téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe agus d’fhuinneamh in-athnuaite a thógtar ón eangach sa stoc foirgneamh. Féadfar a áireamh le bearta den sórt sin bearta náisiúnta a bhaineann le méaduithe suntasacha ar fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite, ar stóráil fuinnimh áitiúil, ar athluchtú cliste agus athluchtú déthreoch, ar sheirbhísí solúbthachta eile amhail freagairt don éileamh, agus i gcomhar le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le comhghiniúint agus athchóirithe móra a mhéadaíonn líon na bhfoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus líon na bhfoirgneamh a théann níos faide ná na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 2010/31/AE.

Chun an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite dá bhforáiltear i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit, ina rialacháin náisiúnta agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodh eile a bhfuil éifeacht chomhionann aige, go n-úsáidfear leibhéil íosta fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe agus fuinnimh in-athnuaite a thógtar ón eangach i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil mór-athchóiriú á dhéanamh orthu nó a bhfuil an córas téimh á athnuachan iontu, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch, go teicniúil agus go feidhmiúil. Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta sin, inter alia, trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil.

Maidir le foirgnimh atá ann cheana, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha sa mhéid nach mbeidh cur i bhfeidhm na fomhíre sin ar neamhréir le nádúr ná le príomhchuspóir ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha, agus sa mhéid sin amháin, cé is moite d’ábhar a úsáidtear go heisiach chun críoch míleata.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.