+Airteagal 15a Fuinneamh in-athnuaite a phríomhshruthú i bhfoirgnimh
---+Airteagal 15a 1.
---+Airteagal 15a 2.
---+Airteagal 15a 3.
---+Airteagal 15a 4.
---+Airteagal 15a 5.
---+Airteagal 15a 6.
|
Airteagal 15a Fuinneamh in-athnuaite a phríomhshruthú i bhfoirgnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15a 1.
|
Chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite in earnáil na tógála a chur chun cinn, déanfaidh na Ballstáit sciar náisiúnta táscach d’fhuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó in aice láimhe agus d’fhuinneamh in-athnuaite a thógtar ón eangach a chinneadh sa tomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil na tógála atá acu in 2030 atá comhsheasmhach le sprioc tháscach de sciar fuinnimh 49 % ar a laghad ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na tógála i dtomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais i bhfoirgnimh in 2030. Áireoidh na Ballstáit a sciar náisiúnta táscach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 chomh maith le faisnéis maidir le conas a bheartaíonn siad é a bhaint amach.
|
|
Airteagal 15a 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair an sciar náisiúnta tháscaigh dá dtagraítear i mír 1, suas le teorainn 20 % den sciar sin. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an sciar náisiúnta táscach, leath an chéatadáin de dhramhtheas agus dramhfhuacht a áirítear faoi chomhair an sciar sin.
|
|
Airteagal 15a 3.
|
Tabharfaidh na Ballstáit bearta iomchuí isteach ina rialacháin náisiúnta agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta, chun méadú a dhéanamh ar an sciar de leictreachas agus téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe agus d’fhuinneamh in-athnuaite a thógtar ón eangach sa stoc foirgneamh. Féadfar a áireamh le bearta den sórt sin bearta náisiúnta a bhaineann le méaduithe suntasacha ar fhéintomhaltas fuinnimh in-athnuaite, ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite, ar stóráil fuinnimh áitiúil, ar athluchtú cliste agus athluchtú déthreoch, ar sheirbhísí solúbthachta eile amhail freagairt don éileamh, agus i gcomhar le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le comhghiniúint agus athchóirithe móra a mhéadaíonn líon na bhfoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus líon na bhfoirgneamh a théann níos faide ná na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 2010/31/AE. Chun an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite dá bhforáiltear i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit, ina rialacháin náisiúnta agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodh eile a bhfuil éifeacht chomhionann aige, go n-úsáidfear leibhéil íosta fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair nó in aice láimhe agus fuinnimh in-athnuaite a thógtar ón eangach i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil mór-athchóiriú á dhéanamh orthu nó a bhfuil an córas téimh á athnuachan iontu, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go heacnamaíoch, go teicniúil agus go feidhmiúil. Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta sin, inter alia, trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil. Maidir le foirgnimh atá ann cheana, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha sa mhéid nach mbeidh cur i bhfeidhm na fomhíre sin ar neamhréir le nádúr ná le príomhchuspóir ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha, agus sa mhéid sin amháin, cé is moite d’ábhar a úsáidtear go heisiach chun críoch míleata.
|
|
Airteagal 15a 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag foirgnimh phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ról eiseamláireach maidir leis an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a úsáidtear, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an oibleagáid sin a chomhlíonadh, inter alia, trína fhoráil go n-úsáidfidh tríú páirtithe díonta foirgneamh poiblí nó díonta foirgneamh príobháideach poiblí i gcomhair suiteálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.
|
|
Airteagal 15a 5.
|
I gcás ina meastar é a bheith ábhartha, féadfaidh na Ballstáit comhar idir údaráis áitiúla agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil na tógála, go háirithe tríd an soláthar poiblí a úsáid.
|
|
Airteagal 15a 6.
|
Chun an sciar táscach d’fhuinneamh in-athnuaite dá bhforáiltear i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit úsáid córas agus trealaimh téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn, agus féadfaidh siad teicneolaíocht nuálach a chur chun cinn, amhail córais agus trealamh cliste leictrithe téimh agus fuaraithe atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, arna gcomhlánú, i gcás inarb infheidhme, le bainistiú cliste ar thomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh. Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit gach beart, uirlis agus dreasacht iomchuí, lena n-áirítear lipéid fuinnimh a fhorbraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1369, teastais feidhmíochta fuinnimh a bhunaítear de bhun Airteagal 11 de Threoir 2010/31/AE, agus teastais nó caighdeáin iomchuí eile a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, agus áiritheoidh siad go gcuirfear go leor faisnéise agus comhairle ar fáil maidir le breoslaí malartacha in-athnuaite atá an-éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de agus maidir leis na hionstraimí airgeadais agus dreasachtaí atá ar fáil chun ráta athsholáthair méadaithe a chur chun cinn maidir le seanchórais téimh agus chun athrú méadaithe chuig réitigh atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|