+Airteagal 16 Eagar agus príomhphrionsabail an nós imeachta um dheonú ceadanna
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.

Airteagal 16 Eagar agus príomhphrionsabail an nós imeachta um dheonú ceadanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Cumhdófar leis an nós imeachta um dheonú ceadanna gach ceadúnas riaracháin ábhartha chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú, lena n-áirítear iad siúd lena gcomhcheanglaítear foinsí fuinnimh in-athnuaite éagsúla, teaschaidéil, agus stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear saoráidí cumhachta agus teirmeacha, mar aon leis na sócmhainní is gá chun gléasraí, teaschaidéil agus stóráil den sórt sin a nascadh leis an eangach, agus chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú i ngréasáin téimh agus fuaraithe, lena n-áirítear ceadanna maidir le nascadh leis an eangach agus, i gcás inar gá, measúnuithe comhshaoil. Beidh an nós imeachta um dheonú ceadanna comhdhéanta de na céimeanna riaracháin uile ón tráth a admhaítear comhlántacht an iarratais ar chead i gcomhréir le mír 2 go dtí go dtugann an t-údarás inniúil ábhartha nó na húdaráis inniúla ábhartha fógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an nós imeachta um dheonú ceadanna.
Airteagal 16 2.
Laistigh de 30 lá, i gcás gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, agus laistigh de 45 lá, i gcás gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ó iarratas ar chead a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil comhlántacht an iarratais a admháil nó, mura bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun iarratas a phróiseáil seolta ag an iarratasóir, iarrfaidh sé ar an iarratasóir iarratas comhlánaithe a thíolacadh gan moill mhíchuí. Is é an dáta ar a n-admhaíonn an t-údarás inniúil comhlántacht an iarratais dáta tosaigh an nós imeachta um dheonú ceadanna.
Airteagal 16 3.
Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó a chur ar bun nó a ainmniú. Treoróidh agus éascóidh na pointí teagmhála sin, arna iarraidh sin don iarratasóir, an t-iarratasóir le linn an nós imeachta riaracháin ar fad maidir le hiarratas ar chead a dhéanamh agus um dheonú ceadanna. Ní cheanglófar ar an iarratasóir teagmháil a dhéanamh le níos mó ná pointe teagmhála amháin le linn an nós imeachta ar fad. Treoróidh an pointe teagmhála an t-iarratasóir tríd an nós imeachta riaracháin maidir le hiarratas ar chead a dhéanamh, lena n-áirítear na céimeanna a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ar bhealach trédhearcach go dtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh amháin nó roinnt cinntí ag deireadh an nós imeachta um dheonú ceadanna, soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá don iarratasóir agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé rannpháirt d’údaráis riaracháin eile. Áiritheoidh an pointe teagmhála go gcomhlíonfar na sprioc-amanna maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a leagtar amach sa Treoir seo. Ligfear do na hiarratasóirí doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach. Faoin 21 Samhain 2025, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na nósanna imeachta uile um dheonú ceadanna i bhformáid leictreonach.
Airteagal 16 4.
Cuirfidh an pointe teagmhála lámhleabhar nósanna imeachta ar fáil d’fhorbróirí gléasraí fuinnimh in-athnuaite agus soláthróidh sé an fhaisnéis sin ar líne freisin, lena dtugtar aghaidh go soiléir freisin ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite ar mhionscála, ar thionscadail féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite. San fhaisnéis ar líne, léireofar an pointe teagmhála is ábhartha don iarratas i dtrácht. Má tá níos mó ná pointe teagmhála amháin ag Ballstát, léireofar san fhaisnéis ar líne an pointe teagmhála is ábhartha don iarratas i dtrácht.
Airteagal 16 5.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarratasóirí agus ag an bpobal i gcoitinne ar nósanna imeachta simplí chun díospóidí a bhaineann leis an nós imeachta um dheonú ceadanna a réiteach agus le ceadanna a eisiúint chun gléasraí fuinnimh in-athnuaite a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí um réiteach malartach díospóidí.
Airteagal 16 6.
Maidir le hachomhairc riaracháin agus bhreithiúnacha i gcomhthéacs tionscadail chun gléasra fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, nascadh an ghléasra sin leis an eangach agus na sócmhainní sin atá riachtanach chun forbairt a dhéanamh ar na gréasáin bonneagair fuinnimh is gá chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras fuinnimh, lena n-áirítear achomhairc a bhaineann le gnéithe comhshaoil, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi réir an nós imeachta riaracháin agus bhreithiúnaigh is gasta atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ábhartha.
Airteagal 16 7.
Soláthróidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha chun foireann cháilithe agus uas-sciliú agus athsciliú a n-údarás inniúil a áirithiú i gcomhréir leis an toilleadh giniúna fuinnimh in-athnuaite suiteáilte pleanáilte dá bhforáiltear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun an nós imeachta um dheonú ceadanna a éascú.
Airteagal 16 8.

Ach amháin nuair a tharlaíonn sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den nós imeachta um dheonú ceadanna, ní áireofar an méid seo a leanas le ré an nós imeachta um dheonú ceadanna:

(a) 

an t-am ar lena linn atá na gléasraí fuinnimh in-athnuaite, a naisc leis an eangach agus, d’fhonn cobhsaíocht na heangaí, iontaofacht na heangaí agus sábháilteacht na heangaí a áirithiú, an bonneagar eangaí riachtanach gaolmhar, á dtógáil nó á n-athchumhachtú;

(b) 

an t-am i gcomhair na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach chun uasghrádú suntasach a dhéanamh ar an eangach a bhfuil gá leis chun cobhsaíocht na heangaí, iontaofacht na heangaí agus sábháilteacht na heangaí a áirithiú;

(c) 

an t-am i gcomhair aon achomharc breithiúnach agus leigheasanna breithiúnacha, agus imeachtaí eile os comhair cúirte nó binse, agus sásraí um réiteach malartach díospóidí, lena n-áirítear nósanna imeachta gearáin agus achomhairc neamhbhreithiúnacha agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha.

Airteagal 16 9.
Na cinntí a eascraíonn as na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, cuirfear ar fáil go poiblí iad i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.’;

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.