+Airteagal 16a 3.
|
Airteagal 16a 3.
Gan dochar do mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, de mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a), (b), (d), (h), (i), agus 6(c), ina n-aonar nó i gcomhar le pointe 13(a), a ghabhann léi, a mhéid a bhaineann le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, le hiarratais nua ar ghléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear gléasraí lena gcomhcheanglaítear cineálacha éagsúla teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite agus athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite atá ainmnithe don teicneolaíocht ábhartha agus stóráil fuinnimh chomhshuite, mar aon le nascadh gléasraí agus stórála den sórt sin leis an eangach, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas measúnú tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail sin Airteagal 15c(1), pointe (b), den Treoir seo. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó amhlaidh, de bhun Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE. De mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, ní bheidh na gléasraí fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi réir measúnú maidir lena n-impleachtaí do láithreáin Natura 2000 ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail fuinnimh in-athnuaite sin na rialacha agus na bearta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 15c(1), pointe (b), den Treoir seo.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|