+Airteagal 16a An nós imeachta um dheonú ceadanna i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite
---+Airteagal 16a 1.
---+Airteagal 16a 2.
---+Airteagal 16a 3.
---+Airteagal 16a 4.
---+Airteagal 16a 5.
---+Airteagal 16a 6.

Airteagal 16a An nós imeachta um dheonú ceadanna i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16a 1.
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) thar 12 mhí i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 2 bhliain. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha, féadfaidh na Ballstáit ceachtar de na tréimhsí sin a fhadú suas go 6 mhí. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.
Airteagal 16a 2.
Maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, le haghaidh suiteálacha nua ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW, le haghaidh stóráil fuinnimh chomhshuite, lena n-áirítear saoráidí cumhachta agus teirmeacha, agus le haghaidh a nasctha leis an eangach, i gcás ina bhfuil siad lonnaithe i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ní rachaidh sé thar 6 mhí. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar 12 mhí. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha, amhail ar fhorais cúiseanna sábháilteachta sáraitheacha i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ag an tionscadal athchumhachtaithe ar an eangach nó ar thoilleadh bunaidh, méid bhunaidh nó feidhmíocht bhunaidh na suiteála, féadfaidh na Ballstáit an tréimhse 6 mhí a fhadú suas go 3 mhí agus an tréimhse 12 mhí i gcás tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhadú suas go 6 mhí. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.
Airteagal 16a 3.
Gan dochar do mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, de mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a), (b), (d), (h), (i), agus 6(c), ina n-aonar nó i gcomhar le pointe 13(a), a ghabhann léi, a mhéid a bhaineann le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, le hiarratais nua ar ghléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear gléasraí lena gcomhcheanglaítear cineálacha éagsúla teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite agus athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite i limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite atá ainmnithe don teicneolaíocht ábhartha agus stóráil fuinnimh chomhshuite, mar aon le nascadh gléasraí agus stórála den sórt sin leis an eangach, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas measúnú tiomnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail sin Airteagal 15c(1), pointe (b), den Treoir seo. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó i gcás ina n-iarrann Ballstát ar dócha go ndéanfaí difear suntasach dó amhlaidh, de bhun Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE.

De mhaolú ar Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, ní bheidh na gléasraí fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi réir measúnú maidir lena n-impleachtaí do láithreáin Natura 2000 ar choinníoll go gcomhlíonann na tionscadail fuinnimh in-athnuaite sin na rialacha agus na bearta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 15c(1), pointe (b), den Treoir seo.

Airteagal 16a 4.
Déanfaidh na húdaráis inniúla próiseas scagtha ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Beidh sé d’aidhm ag próiseas scagtha den sórt sin a shainaithint más rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as aon cheann de na tionscadail fuinnimh in-athnuaite i bhfianaise íogaireacht comhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 15c(1), an chéad fhomhír, den Treoir seo a dhéantar de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE. Beidh sé d’aidhm ag próiseas scagtha den sórt sin freisin a shainaithint an dtagann aon cheann de thionscadail fuinnimh in-athnuaite den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha aige ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó mar gheall ar iarraidh ó Bhallstát ar dócha go ndéanfar difear suntasach dó.

Chun críche próisis scagtha den sórt sin, soláthróidh an forbróir tionscadail faisnéis faoi shaintréithe an tionscadail fuinnimh in-athnuaite, faoin méid a chomhlíonann sé na rialacha agus na bearta arna sainaithint de bhun Airteagal 15c(1), pointí (b), le haghaidh an limistéir shonraigh luathaithe fuinnimh in-athnuaite, faoi aon bheart breise a ghlac an forbróir tionscadail agus faoin gcaoi a dtéitear i ngleic leis an tionchar ar an gcomhshaol leis na bearta sin. Féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an bhforbróir tionscadail faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar. An próiseas scagtha a bhaineann le hiarratais ar ghléasraí nua fuinnimh in-athnuaite, tabharfar chun críche é laistigh de 45 lá ón dáta a tíolacadh an fhaisnéis leordhóthanach is gá chun na críche sin. Mar sin féin, i gcás iarratais ar shuiteálacha ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW agus iarratais nua ar athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, tabharfar an próiseas scagtha chun críche laistigh de 30 lá.

Airteagal 16a 5.
Tar éis an phróisis scagtha, beidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo údaraithe ó thaobh an chomhshaoil de gan aon cheangal maidir le cinneadh sainráite ón údarás inniúil, ach amháin má ghlacann an t-údarás inniúil cinneadh riaracháin, lena leagtar amach cúiseanna cuí ar bhonn fianaise shoiléir, lena léirítear gur rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as tionscadal sonrach i bhfianaise íogaireacht comhshaoil an limistéir gheografaigh ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar éifeachtaí iad nach féidir a mhaolú leis na bearta a shainaithnítear sna pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe nó le bearta atá beartaithe ag an bhforbróir tionscadail. Cuirfear cinntí den sórt sin ar fáil go poiblí. Beidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite den sórt sin faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE agus, más infheidhme, faoi réir measúnú de bhun Threoir 92/43/CEE, a dhéanfar laistigh de 6 mhí ón gcinneadh riaracháin lena sainaithnítear gur rídhócha gur ann d’éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar na forais gur ann d’imthosca urghnácha, féadfar an tréimhse 6 mhí sin a fhadú 6 mhí.

I gcás imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun an t-imscaradh fuinnimh in-athnuaite a luathú chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine a dhíolmhú ó mheasúnuithe den sórt sin.

I gcás ina ndéanann na Ballstáit tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine a dhíolmhú ó na measúnuithe sin, glacfaidh an t-oibreoir bearta maolaithe comhréireacha nó, i gcás nach bhfuil bearta maolaithe den sórt sin ar fáil, bearta cúitimh a fhéadfaidh, mura bhfuil bearta cúitimh comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar aon éifeachtaí díobhálacha. I gcás ina bhfuil tionchar ag na héifeachtaí díobhálacha sin ar chosaint speiceas, íocfaidh an t-oibreoir cúiteamh airgeadaíochta as cláir cosanta speiceas ar feadh thréimhse oibriúcháin an ghléasra fuinnimh in-athnuaite chun stádas caomhnaithe na speiceas lena mbaineann a áirithiú nó a fheabhsú.

Airteagal 16a 6.
Sa nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, áiritheoidh na Ballstáit go measfar, mar gheall ar an easpa freagra ó na húdaráis inniúla ábhartha laistigh den sprioc-am a leagtar síos, na céimeanna riaracháin idirmheánacha sonracha a bheith formheasta, ach amháin i gcás ina bhfuil an tionscadal sonrach fuinnimh in-athnuaite faoi réir measúnú tionchair ar an gcomhshaol de bhun mhír 5 nó i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin i gcóras dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí críochnaitheacha maidir le toradh an nós imeachta um dheonú ceadanna, ar cinntí iad a bheidh sainráite. Cuirfear na cinntí uile ar fáil go poiblí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.