+Airteagal 16a 4.
|
Airteagal 16a 4.
Déanfaidh na húdaráis inniúla próiseas scagtha ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Beidh sé d’aidhm ag próiseas scagtha den sórt sin a shainaithint más rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as aon cheann de na tionscadail fuinnimh in-athnuaite i bhfianaise íogaireacht comhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil siad lonnaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 15c(1), an chéad fhomhír, den Treoir seo a dhéantar de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE. Beidh sé d’aidhm ag próiseas scagtha den sórt sin freisin a shainaithint an dtagann aon cheann de thionscadail fuinnimh in-athnuaite den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha aige ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó mar gheall ar iarraidh ó Bhallstát ar dócha go ndéanfar difear suntasach dó. Chun críche próisis scagtha den sórt sin, soláthróidh an forbróir tionscadail faisnéis faoi shaintréithe an tionscadail fuinnimh in-athnuaite, faoin méid a chomhlíonann sé na rialacha agus na bearta arna sainaithint de bhun Airteagal 15c(1), pointí (b), le haghaidh an limistéir shonraigh luathaithe fuinnimh in-athnuaite, faoi aon bheart breise a ghlac an forbróir tionscadail agus faoin gcaoi a dtéitear i ngleic leis an tionchar ar an gcomhshaol leis na bearta sin. Féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an bhforbróir tionscadail faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar. An próiseas scagtha a bhaineann le hiarratais ar ghléasraí nua fuinnimh in-athnuaite, tabharfar chun críche é laistigh de 45 lá ón dáta a tíolacadh an fhaisnéis leordhóthanach is gá chun na críche sin. Mar sin féin, i gcás iarratais ar shuiteálacha ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW agus iarratais nua ar athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, tabharfar an próiseas scagtha chun críche laistigh de 30 lá.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|