+Airteagal 16b An nós imeachta um dheonú ceadanna lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite
---+Airteagal 16b 1.
---+Airteagal 16b 2.

Airteagal 16b An nós imeachta um dheonú ceadanna lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16b 1.
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 16(1) thar 2 bhliain i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 3 bliana. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar fhorais gur ann d’imthosca urghnácha, lena n-áirítear i gcás ina gceanglaítear leis na himthosca urghnácha sin tréimhsí fadaithe atá riachtanach le haghaidh measúnuithe faoi dhlí comhshaoil an Aontais is infheidhme, féadfaidh na Ballstáit ceachtar de na tréimhsí sin a fhadú suas go 6 mhí. I gcás den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.
Airteagal 16b 2.
I gcás ina gceanglaítear measúnú comhshaoil a dhéanamh de bhun Threoir 2011/92/AE nó 92/43/CEE, déanfar é i nós imeachta aonair ina gcomhcheanglaítear na measúnuithe ábhartha uile le haghaidh tionscadal fuinnimh in-athnuaite ar leith. Nuair a cheanglaítear aon mheasúnú den sórt sin a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus an fhaisnéis a sholáthair an forbróir tionscadail á cur san áireamh, eiseoidh an t-údarás inniúil tuairim maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise atá le háireamh ag an bhforbróir tionscadail sa tuarascáil measúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus ní dhéanfar a raon feidhme a leathnú ina dhiaidh sin. I gcás ina bhfuil na bearta maolaithe is gá glactha ag tionscadal sonrach fuinnimh in-athnuaite, ní mheasfar gur gníomhaíochtaí d’aon ghnó iad aon mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE. I gcás nach bhfuil tástáil fhorleathan déanta ar bhearta maolaithe nua chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar mharú nó corraí speiceas atá faoi chosaint faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, nó chun aon tionchar eile ar an gcomhshaol a chosc, a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na mbeart nua sin, féadfaidh na Ballstáit a n-úsáid le haghaidh tionscadal píolótach amháin nó níos mó a cheadú ar feadh tréimhse theoranta ama, ar choinníoll go ndéantar dlúthfhaireachán ar éifeachtacht beart maolaithe den sórt sin agus go nglactar céimeanna iomchuí láithreach mura bhfuil siad éifeachtach.

An nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtú gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite, le haghaidh suiteálacha nua ag a bhfuil toilleadh leictreach ar lú é ná 150 kW agus le haghaidh stóráil fuinnimh chomhshuite, agus le haghaidh nascadh gléasraí, suiteálacha agus stórála den sórt leis an eangach, atá lonnaithe lasmuigh de limistéir luathaithe fuinnimh in-athnuaite, ní rachaidh sé thar 12 mhí, lena n-áirítear maidir le measúnuithe ar an gcomhshaol i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí ábhartha. Mar sin féin, i gcás tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 2 bhliain. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar an bhforas gur ann d’imthosca urghnácha, féadfaidh na Ballstáit ceachtar de na tréimhsí sin a fhadú suas go 3 mhí. Cuirfidh na Ballstáit an forbróir tionscadail ar an eolas go soiléir faoi na himthosca urghnácha a thugann údar le fadú den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.