+Airteagal 16c An nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtaithe a luathú
---+Airteagal 16c 1.
---+Airteagal 16c 2.
---+Airteagal 16c 3.
|
Airteagal 16c An nós imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh athchumhachtaithe a luathú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16c 1.
|
I gcás nach dtagann méadú thar 15 % ar thoilleadh gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite mar thoradh ar athchumhachtú gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite, agus gan dochar d’aon mheasúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an gcomhshaol a cheanglaítear de bhun mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh naisc leis an eangach tarchuir nó dáileacháin thar 3 mhí tar éis iarratas a dhéanamh chuig an eintiteas ábhartha mura bhfuil údair imní dhea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil ann idir comhpháirteanna an chórais.
|
|
Airteagal 16c 2.
|
I gcás ina bhfuil athchumhachtú gléasra cumhachta fuinnimh in-athnuaite faoi réir an phróisis scagtha dá bhforáiltear in Airteagal 16a(4), nó faoi réir cinneadh i dtaobh an bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ón tionscadal nó faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE, beidh próiseas scagtha den sórt sin, cinneadh den sórt sin nó measúnú den sórt sin ar an tionchar ar an gcomhshaol teoranta don tionchar a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an leathnú i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh.
|
|
Airteagal 16c 3.
|
I gcás nach bhfuil úsáid spáis bhreise i gceist le hathchumhachtú suiteálacha gréine agus ina gcomhlíonann sé na bearta maolaithe comhshaoil is infheidhme arna leagan síos le haghaidh na suiteála gréine bunaidh, beidh an tionscadal díolmhaithe ó aon cheanglais is infheidhme próiseas scagtha dá bhforáiltear in Airteagal 16a(4) a dhéanamh, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil ón tionscadal, nó measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|