+Airteagal 16e An nós imeachta um dheonú ceadanna chun teaschaidéil a shuiteáil
---+Airteagal 16e 1.
---+Airteagal 16e 2.
---+Airteagal 16e 3.
---+Airteagal 16e 4.

Airteagal 16e An nós imeachta um dheonú ceadanna chun teaschaidéil a shuiteáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16e 1.
Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna chun teaschaidéil faoi bhun 50 MW a shuiteáil thar aon mhí amháin. Mar sin féin, i gcás theaschaidéil ó fhoinse na talún, ní rachaidh an nós imeachta um dheonú ceadanna thar thréimhse 3 mhí.
Airteagal 16e 2.

Mura bhfuil údair imní dhea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann, mura bhfuil gá le tuilleadh oibreacha a dhéanamh chun naisc a dhéanamh leis an eangach nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil ann maidir le comhpháirteanna an chórais, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar naisc a dhéanamh leis an eangach tarchurtha nó dáileacháin laistigh de 2 sheachtain ó fhógra a thabhairt don eintiteas ábhartha faoin méid seo a leanas:

(a) 

teaschaidéil ag a bhfuil toilleadh leictreach suas le 12 kW; agus

(b) 

teaschaidéil ag a bhfuil toilleadh leictreach suas le 50 kW arna suiteáil ag féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll gurb ionann toilleadh leictreach shuiteáil giniúna leictreachais in-athnuaite an fhéintomhaltóra fuinnimh in-athnuaite agus 60 % ar a laghad de thoilleadh leictreach an teaschaidéil.

Airteagal 16e 3.
Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhíreanna 1 agus 2 chun an oidhreacht chultúrtha nó stairiúil a chosaint, chun críoch leasanna cosanta náisiúnta, nó ar chúiseanna sábháilteachta.
Airteagal 16e 4.
Déanfar na cinntí uile a eascraíonn as an nós imeachta um dheonú ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.