+Airteagal 19 2.

Airteagal 19 2.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar ráthaíocht tionscnaimh mar fhreagra ar iarraidh ó tháirgeoir fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n -áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch amhail hidrigin, mura rud é go gcinneann na Ballstáit, ar mhaithe le cuntas a thabhairt ar luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh, gan ráthaíocht tionscnaimh den sórt sin a eisiúint chuig táirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta. Féadfaidh Ballstát socrú a dhéanamh i dtaobh ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcás fuinneamh ó fhoinsí neamh-in-athnuaite. Féadfar eisiúint ráthaíochtaí tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íostoillte. Méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. I gcás inarb iomchuí, féadfar méid caighdeánach den sórt sin a roinnt ar mhéid codán, ar choinníoll gur iolraí de 1 Wh an codán. Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a tháirgtear.

Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear san áireamh an t-aonad fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ céanna ach aon uair amháin.

Tabharfar isteach próisis chlárúcháin shimplithe agus táillí clárúcháin laghdaithe i gcás suiteálacha beaga ar lú iad ná 50 kW agus i gcás comhphobail fuinnimh in-athnuaite.

Áiritheoidh na Ballstáit, tráth a bhfaigheann táirgeoir tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta, go ndéanfar luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh don táirgeacht chéanna a chur san áireamh mar is cuí sa scéim tacaíochta ábhartha.

►C3  Toimhdeofar go ndearnadh luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh a chur san áireamh mar is cuí i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas: ◄

(a) 

i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht airgeadais trí bhíthin nós imeachta tairisceana nó trí bhíthin córais intrádála teastas glas;

(b) 

i gcás ina gcuirtear luach margaidh na ráthaíochtaí tionscnaimh san áireamh ó thaobh riaracháin i leibhéal na tacaíochta airgeadais; nó

(c) 

i gcás nach n-eisítear na ráthaíochtaí tionscnaimh go díreach chuig an táirgeoir ach chuig soláthraí nó tomhaltóir a cheannaíonn an fuinneamh i dtimpeallacht iomaíoch nó i gcomhaontú fadtéarmach ceannacháin cumhachta in-athnuaite.

Ionas go gcuirfear luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh san áireamh, is féidir le Ballstát, inter alia, a chinneadh ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint don táirgeoir agus í a chur ar ceal láithreach.

Ní bheidh aon fheidhm ag ráthaíocht tionscnaimh i ndáil le hAirteagal 3 a bheith á chomhlíonadh ag Ballstát. Maidir le haistrithe ráthaíochtaí tionscnaimh, arna ndéanamh ar leithligh nó i dteannta le haistriú fisiciúil fuinnimh, ní bheidh aon éifeacht acu ar chinneadh Ballstáit úsáid a bhaint as aistrithe staidreamhacha, as tionscadail chomhpháirteacha nó as scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha i dtaca le le hAirteagal 3 a chomhlíonadh, ná ní bheidh aon éifeacht acu ar ríomh an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ i gcomhréir le hAirteagal 7.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.