+Airteagal 19 Ráthaíochtaí tionscnaimh maidir le fuinneamh ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
---+Airteagal 19 9.
---+Airteagal 19 10.
---+Airteagal 19 11.
---+Airteagal 19 12.
---+Airteagal 19 13.
---+Airteagal 19 13a.
|
Airteagal 19 Ráthaíochtaí tionscnaimh maidir le fuinneamh ó fhoinsí►C3in-athnuaite◄
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Ar mhaithe lena léiriú do chustaiméirí deiridh cén sciar nó cén chainníocht fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a bhíonn i meascán fuinnimh soláthróra fuinnimh agus san fhuinneamh arna sholáthar do thomhaltóirí faoi chonarthaí arna margú maidir le fuinneamh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a thomhailt, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a ráthú mar fhuinneamh
►C3
in-athnuaite ◄ de réir bhrí na Treorach seo, i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar ráthaíocht tionscnaimh mar fhreagra ar iarraidh ó tháirgeoir fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n -áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch amhail hidrigin, mura rud é go gcinneann na Ballstáit, ar mhaithe le cuntas a thabhairt ar luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh, gan ráthaíocht tionscnaimh den sórt sin a eisiúint chuig táirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta. Féadfaidh Ballstát socrú a dhéanamh i dtaobh ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcás fuinneamh ó fhoinsí neamh-in-athnuaite. Féadfar eisiúint ráthaíochtaí tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íostoillte. Méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. I gcás inarb iomchuí, féadfar méid caighdeánach den sórt sin a roinnt ar mhéid codán, ar choinníoll gur iolraí de 1 Wh an codán. Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a tháirgtear. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear san áireamh an t-aonad fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ céanna ach aon uair amháin. Tabharfar isteach próisis chlárúcháin shimplithe agus táillí clárúcháin laghdaithe i gcás suiteálacha beaga ar lú iad ná 50 kW agus i gcás comhphobail fuinnimh in-athnuaite. Áiritheoidh na Ballstáit, tráth a bhfaigheann táirgeoir tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta, go ndéanfar luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh don táirgeacht chéanna a chur san áireamh mar is cuí sa scéim tacaíochta ábhartha.
►C3
Toimhdeofar go ndearnadh luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh a chur san áireamh mar is cuí i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas: ◄
(a)
i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht airgeadais trí bhíthin nós imeachta tairisceana nó trí bhíthin córais intrádála teastas glas;
(b)
i gcás ina gcuirtear luach margaidh na ráthaíochtaí tionscnaimh san áireamh ó thaobh riaracháin i leibhéal na tacaíochta airgeadais; nó
(c)
i gcás nach n-eisítear na ráthaíochtaí tionscnaimh go díreach chuig an táirgeoir ach chuig soláthraí nó tomhaltóir a cheannaíonn an fuinneamh i dtimpeallacht iomaíoch nó i gcomhaontú fadtéarmach ceannacháin cumhachta in-athnuaite.
Ionas go gcuirfear luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh san áireamh, is féidir le Ballstát, inter alia, a chinneadh ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint don táirgeoir agus í a chur ar ceal láithreach. Ní bheidh aon fheidhm ag ráthaíocht tionscnaimh i ndáil le hAirteagal 3 a bheith á chomhlíonadh ag Ballstát. Maidir le haistrithe ráthaíochtaí tionscnaimh, arna ndéanamh ar leithligh nó i dteannta le haistriú fisiciúil fuinnimh, ní bheidh aon éifeacht acu ar chinneadh Ballstáit úsáid a bhaint as aistrithe staidreamhacha, as tionscadail chomhpháirteacha nó as scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha i dtaca le le hAirteagal 3 a chomhlíonadh, ná ní bheidh aon éifeacht acu ar ríomh an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ i gcomhréir le hAirteagal 7.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Chun críocha mhír 1, beidh na ráthaíochtaí tionscnaimh bailí i gcás idirbheart ar feadh tréimhse 12 mhí tar éis tháirgeadh an aonaid ábhartha fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh gach ráthaíocht tionscnaimh nach bhfuil curtha ar ceal in éag faoi cheann 18 mí ar a dhéanaí tar éis tháirgeadh an aonaid ábhartha fuinnimh. Déanfaidh na Ballstáit na ráthaíochtaí tionscnaimh sin atá imithe in éag a chur san áireamh agus a meascán fuinnimh iarmhair á ríomh acu.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Chun críocha an nochta dá dtagraítear i míreanna 8 agus 13, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh gnóthais fuinnimh na ráthaíochtaí tionscnaimh ar ceal faoi cheann 6 mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh bhailíocht na ráthaíochta tionscnaimh. Thairis sin, faoin 21 Bealtaine 2025, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na sonraí maidir lena meascán fuinnimh iarmhair ar bhonn bliantúil.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit, nó comhlachtaí inniúla ainmnithe, maoirseacht ar eisiúint, aistriú agus cealú na ráthaíochtaí tionscnaimh. Ní bheidh freagrachtaí geografacha forluiteacha ag na comhlachtaí inniúla ainmnithe, agus beidh siad neamhspleách ar ghníomhaíochtaí táirgthe, trádála agus soláthair.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Cuirfidh na Ballstáit, nó na comhlachtaí inniúla ainmnithe, sásraí oiriúnacha ar bun chun a áirithiú go mbeidh ráthaíochtaí tionscnaimh á n-eisiúint, á n-aistriú agus á gcealú go leictreonach agus go mbeidh siad cruinn, iontaofa agus calaoisdíonach. Áiritheoidh na Ballstáit agus na comhlachtaí inniúla ainmnithe go mbeidh na ceanglais a fhorchuirfidh siad i gcomhréir leis an gcaighdeán CEN - EN 16325.
|
|
Airteagal 19 7.
|
Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa ráthaíocht tionscnaimh:
▼M2
(a)
foinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an fuinneamh agus dáta tosaigh agus dáta deiridh an táirgthe, a fhéadfar a shonrú mar a leanas:
(i)
i gcás gás in-athnuaite, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, agus téamh agus fuarú in-athnuaite, ag eatramh in aghaidh na huaire nó ag eatramh ar lú é ná uair an chloig;
(ii)
maidir le leictreachas in-athnuaite, i gcomhréir leis an tréimhse réitigh míchothromaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/943;
▼B
(b)
cé acu a bhaineann sin le:
(ii)
gás, hidrigin san áireamh; nó
(c)
ainm, suíomh, cineál agus acmhainn na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;
(d)
cé acu a fuair nó nach bhfuair an tsuiteáil tacaíocht infheistíochta agus cé acu a fuair nó nach bhfuair an t-aonad fuinnimh tacaíocht ar aon slí eile ó scéim náisiúnta tacaíochta, agus cineál na scéime tacaíochta sin;
(e)
an dáta ar cuireadh i mbun feidhme an tsuiteáil; agus
(f)
an dáta eisiúna agus tír na heisiúna, agus uimhir aitheantais uathúil.
Féadfar faisnéis shimplithe a shonrú ar na ráthaíochtaí tionscnaimh i gcás suiteálacha ar lú ná 50 kW iad.
|
|
Airteagal 19 8.
|
I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ ina meascán fuinnimh a léiriú chun críocha pointe (a) d'Airteagal 3(9) de Threoir 2009/72/CE, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid seachas:
(a)
i gcás an sciar dá mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith; nó
(b)
i gcás ina gcinneann Ballstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.
I gcás ina soláthraítear gás ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, ceanglaítear ar an soláthraí an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh chun críocha Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/73/CE a léiriú do thomhaltóirí deiridh. Déanfaidh an soláthraí amhlaidh trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid ach amháin:
(a)
maidir leis an sciar dá mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaidh an soláthraí an meascán fuinnimh iarmhair a úsáid ina leith;
(b)
i gcás ina gcinneann Ballstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.
Nuair a thomhlaíonn custaiméir gás ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, mar a léirítear sa tairiscint tráchtála ón soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagróidh na ráthaíochtaí tionscnaimh a chuirtear ar ceal do na saintréithe gréasáin ábhartha. I gcás ina bhfuil ráthaíochtaí tionscnaimh socraithe ag na Ballstáit do chineálacha eile fuinnimh, bainfidh soláthróirí leas, maidir leis an nochtadh sin, as an cineál céanna ráthaíochtaí tionscnaimh as ar bhain sé leas i gcás an fhuinnimh a soláthraíodh. Ar an gcuma chéanna, is féidir ráthaíochtaí tionscnaimh arna gceapadh de bhun Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid d'fhonn cainníocht an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a léiriú, i gcás ina gceanglaítear an cruthú sin. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ngintear leictreachas ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta trí fhoinsí
►C3
in-athnuaite ◄ a úsáid, ní féidir ach ráthaíocht tionscnaimh amháin ina sonrófar an dá shaintréith a eisiúint.
|
|
Airteagal 19 9.
|
Aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Treoir seo, agus leis an Treoir seo amháin, mar fhianaise i gcás na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a) go (f) den chéad fhomhír de mhír 7. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint ach amháin i gcás ina bhfuil amhras air, agus bunús maith leis, i dtaobh chruinneas, iontaofacht nó fhírinneacht na ráthaíochta. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus faoi chúis an diúltaithe.
|
|
Airteagal 19 10.
|
Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil aon bhunús leis an diúltú sin, féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an mBallstát atá i gceist an ráthaíocht tionscnaimh a aithint.
|
|
Airteagal 19 11.
|
Ní aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír ach amháin i gcás ina bhfuil an tAontas tar éis comhaontú a thabhairt chun críche leis an tríú tír sin i dtaobh aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint san Aontas agus ar chórais um ráthaíochtaí comhoiriúnacha tionscnaimh arna mbunú sa tríú tír sin, i gcás ina mbíonn onnmhairiú nó allmhairiú fuinnimh á dhéanamh go díreach, agus sa chás sin amháin.
|
|
Airteagal 19 12.
|
Féadfaidh Ballstát, i gcomhréir le dlí an Aontais, critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha a thabhairt isteach i dtaobh úsáid na ráthaíochtaí tionscnaimh trína bheith i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3(9) de Threoir 2009/72/CE.
|
|
Airteagal 19 13.
|
Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéantar measúnú ar na roghanna atá ann maidir le lipéad glas uile-Aontais a bhunú d’fhonn úsáid an fhuinnimh in-athnuaite arna ghiniúint ag suiteálacha nua a chur chun cinn. Úsáidfidh soláthraithe an fhaisnéis atá i ráthaíochtaí tionscnaimh chun a léiriú go gcomhlíontar ceanglais lipéid den sórt sin.
|
|
Airteagal 19 13a.
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an chórais ráthaíochtaí tionscnaimh agus déanfaidh sé measúnú faoin 30 Meitheamh 2025 ar an gcothromaíocht atá idir soláthar agus éileamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sa mhargadh agus, i gcás míchothromaíochtaí, sainaithneoidh sé tosca ábhartha a dhéanann difear don soláthar agus don éileamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|