+Airteagal 19 8.

Airteagal 19 8.

I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ ina meascán fuinnimh a léiriú chun críocha pointe (a) d'Airteagal 3(9) de Threoir 2009/72/CE, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid seachas:

(a) 

i gcás an sciar dá mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith; nó

(b) 

i gcás ina gcinneann Ballstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.

I gcás ina soláthraítear gás ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, ceanglaítear ar an soláthraí an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ina mheascán fuinnimh chun críocha Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/73/CE a léiriú do thomhaltóirí deiridh. Déanfaidh an soláthraí amhlaidh trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid ach amháin:

(a) 

maidir leis an sciar dá mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaidh an soláthraí an meascán fuinnimh iarmhair a úsáid ina leith;

(b) 

i gcás ina gcinneann Ballstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.

Nuair a thomhlaíonn custaiméir gás ó ghréasán hidrigine nó ó ghréasán gáis nádúrtha, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus bithmheatán, mar a léirítear sa tairiscint tráchtála ón soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagróidh na ráthaíochtaí tionscnaimh a chuirtear ar ceal do na saintréithe gréasáin ábhartha.

I gcás ina bhfuil ráthaíochtaí tionscnaimh socraithe ag na Ballstáit do chineálacha eile fuinnimh, bainfidh soláthróirí leas, maidir leis an nochtadh sin, as an cineál céanna ráthaíochtaí tionscnaimh as ar bhain sé leas i gcás an fhuinnimh a soláthraíodh. Ar an gcuma chéanna, is féidir ráthaíochtaí tionscnaimh arna gceapadh de bhun Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid d'fhonn cainníocht an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a léiriú, i gcás ina gceanglaítear an cruthú sin. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ngintear leictreachas ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta trí fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a úsáid, ní féidir ach ráthaíocht tionscnaimh amháin ina sonrófar an dá shaintréith a eisiúint.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.