+Airteagal 20a Comhtháthú córais de leictreachas in-athnuaite a éascú
---+Airteagal 20a 1.
---+Airteagal 20a 2.
---+Airteagal 20a 3.
---+Airteagal 20a 4.
---+Airteagal 20a 5.
|
Airteagal 20a Comhtháthú córais de leictreachas in-athnuaite a éascú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20a 1.
|
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar oibreoirí córais tarchurtha agus, má tá na sonraí ar fáil dóibh, ar oibreoirí córas dáileacháin ina gcríoch sonraí a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in-athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas a sholáthraítear i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir in eatraimh ama atá ar cóimhéid le minicíocht socraíochta an mhargaidh ach nach mó ná aon uair an chloig amháin, le réamhaisnéis i gcás inar féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag oibreoirí córas dáileacháin ar na sonraí is gá. Mura bhfuil rochtain ag oibreoirí córas dáileacháin, de bhun an dlí náisiúnta, ar na sonraí uile is gá, cuirfidh siad an córas tuairiscithe sonraí atá ann cheana faoin Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais i bhfeidhm, i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2019/944. Cuirfidh na Ballstáit dreasachtaí ar fáil le haghaidh uasghráduithe ar eangacha cliste chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar chothromaíocht na heangaí agus chun sonraí fíor-ama a chur ar fáil. Má tá siad ar fáil go teicniúil, cuirfidh oibreoirí córas dáileacháin sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar fáil freisin maidir leis an acmhainneacht freagartha don éileamh agus maidir leis an leictreachas in-athnuaite arna ghiniúint agus arna instealladh isteach san eangach ag féintomhaltóirí agus ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite.
|
|
Airteagal 20a 2.
|
Cuirfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go digiteach ar bhealach lena n-áirithítear idir-inoibritheacht ar bhonn formáidí comhchuibhithe sonraí agus ar bhonn tacair sonraí chaighdeánaithe ionas gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, comhbhailitheoirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh iad a úsáid ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus gur féidir le feistí cumarsáide leictreonaí amhail córais méadraithe chliste, pointí athluchtaithe feithiclí leictreacha, córais téimh agus fuaraithe agus córais bainistíochta fuinnimh foirgneamh iad a léamh.
|
|
Airteagal 20a 3.
|
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1542, áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh monaróirí ceallraí baile agus ceallraí tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach maidir leis an gcóras bainistithe ceallraí, lena n-áirítear toilleadh ceallraí, staid sláinte, staid luchta agus pointe socraithe cumhachta, d’úinéirí agus úsáideoirí ceallraí, chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú, le toiliú sainráite, thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail gnóthais bainistíochta fuinnimh foirgneamh agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, gan aon chostas agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a chur de cheangal ar mhonaróirí feithicle sonraí infheithicle a chur ar fáil, i bhfíor-am, ar sonraí iad a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchta ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra, toilleadh ceallra, agus, i gcás inarb iomchuí, suíomh feithiclí leictreacha, le húinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais agus soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, agus sa bhreis ar cheanglais bhreise maidir le cineálcheadú agus faireachas margaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
22
).
|
|
Airteagal 20a 4.
|
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1804, áiritheoidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe gur féidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nua agus pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ionadaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí atá suiteáilte ar a gcríoch tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe chliste agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gcomhéadan le córais méadraithe chliste, nuair atá siad imscartha ag na Ballstáit, agus le feidhmiúlachtaí athluchtaithe dhéthreoch i gcomhréir le ceanglais Airteagal 15(3) agus (4) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 20a 5.
|
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar leis an gcreat rialála náisiúnta do chórais bheaga nó mhóibíleacha amhail ceallraí baile agus feithiclí leictreacha agus foinsí fuinnimh beaga díláraithe eile a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú agus soláthar seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin, lena n-áirítear trí chomhiomlánú. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus leis na húdaráis rialála uile, ceanglais theicniúla maidir le rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, ar bhonn shaintréithe teicniúla na gcóras sin. Cuirfidh na Ballstáit cothrom iomaíochta sna margaí leictreachais ar fáil do shócmhainní fuinnimh beaga díláraithe nó córais mhóibíleacha agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach sna margaí leictreachais dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|