+Airteagal 20a 3.

Airteagal 20a 3.

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1542, áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh monaróirí ceallraí baile agus ceallraí tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach maidir leis an gcóras bainistithe ceallraí, lena n-áirítear toilleadh ceallraí, staid sláinte, staid luchta agus pointe socraithe cumhachta, d’úinéirí agus úsáideoirí ceallraí, chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú, le toiliú sainráite, thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail gnóthais bainistíochta fuinnimh foirgneamh agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha, gan aon chostas agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí.

Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a chur de cheangal ar mhonaróirí feithicle sonraí infheithicle a chur ar fáil, i bhfíor-am, ar sonraí iad a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchta ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra, toilleadh ceallra, agus, i gcás inarb iomchuí, suíomh feithiclí leictreacha, le húinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú thar ceann na n-úinéirí agus na n-úsáideoirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais agus soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh-idirdhealaitheacha agus gan aon chostas, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, agus sa bhreis ar cheanglais bhreise maidir le cineálcheadú agus faireachas margaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.