|
+Airteagal 21 3. |
Airteagal 21 3.Is féidir leis na Ballstáit muirir agus táillí neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha a fheidhmiú i gcás féintomhaltóirí, i ndáil lena leictreachas ►C3 in-athnuaite ◄ féinghinte a fhanann ar a n-áitribh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina dtacaítear go héifeachtach leis an leictreachas ►C3 in-athnuaite ◄ féin-ghinte trí scéimeanna tacaíochta, ach amháin sa mhéid nach mbaintear an bonn de mharthanacht eacnamaíoch an tionscadail ná d'éifeacht dreasachta na tacaíochta sin;
(b)
ón 1 Nollaig 2026, má tá an sciar foriomlán de shuiteálacha féinthomhaltais os cionn 8 % d'acmhainn iomlán leictreachais suiteáilte Ballstáit, agus má léirítear é, trí anailís costais-tairbhe a dhéanann údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin, a dhéantar trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus rannpháirteach, go mbeidh ualach suntasach díréireach ar inbhuanaitheacht airgeadais fadtéarmach córais leictreachais mar thoradh ar an bhforáil a leagtar amach i bpointe (a) (ii) de mhír 2 nó go gcruthaítear dreasacht leis an bhforáil sin lena sáraítear an méid a bhfuil gá leis go hoibiachtúil chun imscaradh costéifeachtach fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ a bhaint amach, agus nach bhféadfaí an tionchar sin a íoslaghdú trí ghníomhaíochtaí réasúnacha eile a dhéanamh; nó
(c)
más rud é go dtáirgtear an leictreachas ►C3 in-athnuaite ◄ féinghinte i suiteálacha ina bhfuil acmhainn iomlán suiteáilte os cionn 30 kW. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|