+Airteagal 22 Comhphobail fuinnimh►C3in-athnuaite◄
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.

Airteagal 22 Comhphobail fuinnimh►C3in-athnuaite◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, i dteideal a bheith rannpháirteach i gcomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ agus a gcearta nó a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh a choimeád, agus gan iad a bheith faoi réir coinníollacha nó nósanna imeachta gan údar nó idirdhealaitheacha lena gcuirfí cosc ar a rannpháirtíocht i gcomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ , ar choinníoll, i gcás gnóthais phríobháideacha, nach ionann a rannpháirtíocht agus an phríomhghníomhaíocht tráchtála nó ghairmiúil acu.
Airteagal 22 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhphobail ►C3  in-athnuaite ◄ fuinnimh i dteideal an méid seo a leanas:

(a) 

fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a tháirgeadh, a thomhailt, a stóráil agus a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannacháin cumhachta ►C3  in-athnuaite ◄ ;

(b) 

fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a roinnt laistigh den chomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ina dtáirgtear na haonaid táirgthe ar leis an comhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ sin iad, faoi réir fhorálacha an Airteagail seo agus cearta agus oibleagáidí chomhaltaí an chomhphobail mar thomhaltóirí á gcoimeád;

(c) 

rochtain a fháil ar na margaí fuinnimh uile atá oiriúnach go díreach agus go comhiomlánach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar aon.

Airteagal 22 3.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bacainní atá ann cheana agus ar acmhainneacht forbartha na gcomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ina gcríocha.
Airteagal 22 4.

Cuirfidh na Ballstáit creat cumasúcháin ar fáil chun forbairt na gcomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ sin a chur chun cinn agus a éascú. Áiritheofar an méid seo a leanas, inter alia, leis an gcreat sin:

(a) 

go mbainfear na bacainní gan údar rialála agus riaracháin maidir le comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ;

(b) 

go mbeidh na comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ a sholáthraíonn fuinneamh nó a chuireann seirbhísí comhiomlánaithe nó seirbhísí fuinnimh tráchtála eile ar fáil, faoi réir forálacha a bheidh ábhartha do ghníomhaíochtaí den chineál sin;

(c) 

go gcomhoibreoidh an t-oibreoir córais dáileacháin ábhartha leis na comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ chun aistrithe fuinnimh a éascú idir na comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ;

(d) 

go mbeidh na comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ faoi réir nósanna imeachta cothroma, comhréireacha agus trédhearcacha, lena n-áirítear clárú agus nósanna imeachta ceadúnaithe, agus muirir ghréasáin ar léiriú ar na costais iad, chomh maith leis na tobhaigh agus na muirir ábhartha, lena n-áirithítear go gcuireann siad ar bhealach leordhóthanach, cóir agus cothrom le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais i gcomhréir le hanailís thrédhearcach costais is tairbhe ar na foinsí fuinnimh leithdháilte arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla náisiúnta;

(e) 

nacho gcaitear le comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ ar bhealach idirdhealaitheach sa mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí, a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, mar tháirgeoirí, mar sholáthróirí, mar oibreoirí córas dáileacháin nó mar rannpháirtithe eile sa mhargadh;

(f) 

gur féidir le gach tomhaltóir a bheith rannpháirteach sna comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ , lena n-áirítear tomhaltóirí ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;

(g) 

go mbeidh uirlisí ar fáil chun rochtain ar mhaoiniú agus ar fhaisnéis a éascú;

(h) 

go gcuirfear tacaíocht rialála agus fothaithe acmhainní ar fáil do na húdaráis phoiblí agus comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ á gcumasú agus á mbunú acu, agus chun cabhrú leis na húdaráis a bheith rannpháirteach go díreach;

(i) 

go bhfuil rialacha i bhfeidhm chun a chinntiú go gcaithfear ar bhealach cothrom neamh-idirdhealaitheach le tomhaltóirí a bhíonn rannpháirteach sa chomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ .

Airteagal 22 5.
Beidh príomhphrionsabail an chreata cumasúcháin dá dtagraítear i mír 4, agus príomhphrionsabail a chur chun feidhme mar chuid de na nuashonraithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus turascálacha dhul chun cinn na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/1999.
Airteagal 22 6.
Is féidir leis na Ballstáit a fhoráil le go mbeidh na comhphobail fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ oscailte do rannpháirtíocht trasteorann.
Airteagal 22 7.
Gan dochar d'Airteagal 107 agus d'Airteagal 108 CFAE, cuirfidh na Ballstáit sainiúlachtaí na gcomhphobal fuinnimh ►C3  in-athnuaite ◄ san áireamh agus scéimeanna tacaíochta á gceapadh acu, chun go mbeidh siad in ann dul san iomaíocht le haghaidh tacaíochta agus iad ar chomhchéim le rannpháirtithe eile sa mhargadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.