|
+Airteagal 22 4. |
Airteagal 22 4.Cuirfidh na Ballstáit creat cumasúcháin ar fáil chun forbairt na gcomhphobal fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ sin a chur chun cinn agus a éascú. Áiritheofar an méid seo a leanas, inter alia, leis an gcreat sin:
(a)
go mbainfear na bacainní gan údar rialála agus riaracháin maidir le comhphobail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ ;
(b)
go mbeidh na comhphobail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ a sholáthraíonn fuinneamh nó a chuireann seirbhísí comhiomlánaithe nó seirbhísí fuinnimh tráchtála eile ar fáil, faoi réir forálacha a bheidh ábhartha do ghníomhaíochtaí den chineál sin;
(c)
(d)
go mbeidh na comhphobail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ faoi réir nósanna imeachta cothroma, comhréireacha agus trédhearcacha, lena n-áirítear clárú agus nósanna imeachta ceadúnaithe, agus muirir ghréasáin ar léiriú ar na costais iad, chomh maith leis na tobhaigh agus na muirir ábhartha, lena n-áirithítear go gcuireann siad ar bhealach leordhóthanach, cóir agus cothrom le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais i gcomhréir le hanailís thrédhearcach costais is tairbhe ar na foinsí fuinnimh leithdháilte arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla náisiúnta;
(e)
nacho gcaitear le comhphobail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ ar bhealach idirdhealaitheach sa mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí, a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, mar tháirgeoirí, mar sholáthróirí, mar oibreoirí córas dáileacháin nó mar rannpháirtithe eile sa mhargadh;
(f)
gur féidir le gach tomhaltóir a bheith rannpháirteach sna comhphobail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ , lena n-áirítear tomhaltóirí ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;
(g)
go mbeidh uirlisí ar fáil chun rochtain ar mhaoiniú agus ar fhaisnéis a éascú;
(h)
go gcuirfear tacaíocht rialála agus fothaithe acmhainní ar fáil do na húdaráis phoiblí agus comhphobail fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ á gcumasú agus á mbunú acu, agus chun cabhrú leis na húdaráis a bheith rannpháirteach go díreach;
(i)
go bhfuil rialacha i bhfeidhm chun a chinntiú go gcaithfear ar bhealach cothrom neamh-idirdhealaitheach le tomhaltóirí a bhíonn rannpháirteach sa chomhphobal fuinnimh ►C3 in-athnuaite ◄ . 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|