|
+Airteagal 22a 1. |
Airteagal 22a 1.Maidir le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh in earnáil na tionsclaíochta, féachfaidh na Ballstáit le méadú táscach 1,6 pointe céatadáin ar a laghad a chur leis mar mheánmhéid bliantúil arna ríomh le haghaidh na dtréimhsí 2021 go 2025 agus 2026 go 2030. Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair na meánmhéaduithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 0,4 pointe céatadáin, ar choinníoll gur ó théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a sholáthraítear an dramhtheas sin agus an dramhfhuacht sin, cé is moite de ghréasáin nach soláthraíonn teas ach d’fhoirgneamh amháin nó i gcás ina dtomhlaítear an fuinneamh teirmeach ar fad ar an láthair agus ar an láthair sin amháin agus i gcás nach ndíoltar an fuinneamh teirmeach. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leath na bpointí céatadáin dramhtheasa agus dramhfhuachta a áiríodh. Áireoidh na Ballstáit na beartais agus na bearta a bheartaítear agus a ghlactar chun méadú táscach den sórt sin a bhaint amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Nuair a mheastar gur rogha chostéifeachtach é an leictriú, déanfar leictriú na bpróiseas tionsclaíoch, ar leictriú é atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, a chur chun cinn leis na beartais agus bearta sin. Leis na beartais agus bearta sin, féachfar le dáil fhabhrach a chruthú sa mhargadh d’infhaighteacht roghanna malartacha fuinnimh in-athnuaite atá inmharthana go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil chun dul in ionad breoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téamh tionsclaíoch agus é mar aidhm leis sin laghdú a dhéanamh ar úsáid breoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téamh ina bhfuil an teocht faoi bhun 200 °C. Agus na beartais agus bearta sin á nglacadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, an éifeachtacht agus an t-iomaíochas idirnáisiúnta agus an gá dul i ngleic le bacainní rialála, riaracháin agus eacnamaíocha. Áiritheoidh na Ballstáit gur 42 % ar a laghad den hidrigin a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh sa tionsclaíocht a bheidh i gcion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh faoi 2030, agus gur 60 % den hidrigin sin a bheidh sa chion sin faoi 2035. Chun an céatadán sin a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh an luach fuinnimh hidrigine chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas na nithe seo a leanas:
(i)
hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair agus bithbhreoslaí a tháirgeadh;
(ii)
hidrigin a tháirgtear trí ghás iarmharach tionsclaíoch a dhícharbónú agus a úsáidtear chun an gás sonrach óna dtáirgtear í a ionadú;
(iii)
hidrigin a tháirgtear mar sheachtháirge nó a dhíorthaítear ó sheachtháirgí i suiteálacha tionsclaíocha;
(b)
chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear in earnáil na tionsclaíochta chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair agus bithbhreoslaí a tháirgeadh;
(c)
chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Chun críocha phointe (c) den chúigiú fomhír den mhír seo, chun luach fuinnimh breoslaí nach n-áirítear in Iarscríbhinn III a chinneadh, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, úsáidfidh siad na caighdeáin ábhartha ISO. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|