+Airteagal 22a Príomhshruthú a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite sa tionsclaíocht
---+Airteagal 22a 1.
---+Airteagal 22a 2.
---+Airteagal 22a 3.

Airteagal 22a Príomhshruthú a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite sa tionsclaíocht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22a 1.
Maidir le sciar na bhfoinsí in-athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh in earnáil na tionsclaíochta, féachfaidh na Ballstáit le méadú táscach 1,6 pointe céatadáin ar a laghad a chur leis mar mheánmhéid bliantúil arna ríomh le haghaidh na dtréimhsí 2021 go 2025 agus 2026 go 2030.

Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair na meánmhéaduithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 0,4 pointe céatadáin, ar choinníoll gur ó théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a sholáthraítear an dramhtheas sin agus an dramhfhuacht sin, cé is moite de ghréasáin nach soláthraíonn teas ach d’fhoirgneamh amháin nó i gcás ina dtomhlaítear an fuinneamh teirmeach ar fad ar an láthair agus ar an láthair sin amháin agus i gcás nach ndíoltar an fuinneamh teirmeach. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leath na bpointí céatadáin dramhtheasa agus dramhfhuachta a áiríodh.

Áireoidh na Ballstáit na beartais agus na bearta a bheartaítear agus a ghlactar chun méadú táscach den sórt sin a bhaint amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

Nuair a mheastar gur rogha chostéifeachtach é an leictriú, déanfar leictriú na bpróiseas tionsclaíoch, ar leictriú é atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, a chur chun cinn leis na beartais agus bearta sin. Leis na beartais agus bearta sin, féachfar le dáil fhabhrach a chruthú sa mhargadh d’infhaighteacht roghanna malartacha fuinnimh in-athnuaite atá inmharthana go heacnamaíoch agus indéanta go teicniúil chun dul in ionad breoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téamh tionsclaíoch agus é mar aidhm leis sin laghdú a dhéanamh ar úsáid breoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téamh ina bhfuil an teocht faoi bhun 200 °C. Agus na beartais agus bearta sin á nglacadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, an éifeachtacht agus an t-iomaíochas idirnáisiúnta agus an gá dul i ngleic le bacainní rialála, riaracháin agus eacnamaíocha.

Áiritheoidh na Ballstáit gur 42 % ar a laghad den hidrigin a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh sa tionsclaíocht a bheidh i gcion na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh faoi 2030, agus gur 60 % den hidrigin sin a bheidh sa chion sin faoi 2035. Chun an céatadán sin a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

chun an t-ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh an luach fuinnimh hidrigine chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas na nithe seo a leanas:

(i) 

hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair agus bithbhreoslaí a tháirgeadh;

(ii) 

hidrigin a tháirgtear trí ghás iarmharach tionsclaíoch a dhícharbónú agus a úsáidtear chun an gás sonrach óna dtáirgtear í a ionadú;

(iii) 

hidrigin a tháirgtear mar sheachtháirge nó a dhíorthaítear ó sheachtháirgí i suiteálacha tionsclaíocha;

(b) 

chun an t-uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a thomhlaítear in earnáil na tionsclaíochta chun críoch fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, seachas breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair agus bithbhreoslaí a tháirgeadh;

(c) 

chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Chun críocha phointe (c) den chúigiú fomhír den mhír seo, chun luach fuinnimh breoslaí nach n-áirítear in Iarscríbhinn III a chinneadh, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, úsáidfidh siad na caighdeáin ábhartha ISO.

Airteagal 22a 2.
Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna lipéadaithe deonacha a chur chun cinn do tháirgí tionsclaíocha a maítear go dtáirgtear iad le fuinneamh in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Léireofar le scéimeanna lipéadaithe deonacha den sórt sin céatadán an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear nó céatadán na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear ag an gcéim a bhaineann leis an mbunábhar a fháil, a réamhphróiseáil, a mhonarú agus a dháileadh, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochtaí a leagtar síos i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún ( 23 ) nó in ISO 14067:2018.
Airteagal 22a 3.
An méid breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a bhfuil súil ag na Ballstáit iad a allmhairiú agus a onnmhairiú, déanfaidh siad é a thuairisciú ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Ar bhonn an tuairiscithe sin, forbróidh an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre agus é mar aidhm léi an margadh Eorpach hidrigine agus táirgeadh hidrigine intíre a chur chun cinn laistigh den Aontas, ag tacú le cur chun feidhme na Treorach seo agus le baint amach na spriocanna a leagtar síos anseo, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil an tsoláthair agus ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais san fhuinneamh agus ar chothrom iomaíochta sa mhargadh domhanda hidrigine. Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin, léireoidh na Ballstáit an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu rannchuidiú leis an straitéis sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.