Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna lipéadaithe deonacha a chur chun cinn do tháirgí tionsclaíocha a maítear go dtáirgtear iad le fuinneamh in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch. Léireofar le scéimeanna lipéadaithe deonacha den sórt sin céatadán an fhuinnimh in-athnuaite a úsáidtear nó céatadán na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear ag an gcéim a bhaineann leis an mbunábhar a fháil, a réamhphróiseáil, a mhonarú agus a dháileadh, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochtaí a leagtar síos i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún (
23
) nó in ISO 14067:2018.