+Airteagal 23 1.

Airteagal 23 1.

Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, déanfaidh gach Ballstát an sciar fuinnimh in-athnuaite san earnáil sin a mhéadú 0,8 pointe céatadáin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus 1,1 pointe céatadáin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, méadú a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den olltomhaltas deiridh fuinnimh agus a ríomhtar i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7.

Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair na meánmhéaduithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 0,4 pointe céatadáin. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil, leath na bpointí céatadáin dramhtheasa agus dramhfhuachta a áirítear go huasteorainn de 1,0 pointe céatadáin don tréimhse 2021 go 2025 agus de 1,3 pointe céatadáin don tréimhse 2026 go 2030.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh agus faoin méid measta ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. De bhreis ar na híosmhéaduithe bliantúla sna pointe céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féachfaidh gach Ballstát le sciar an fhuinnimh in-athnuaite ina earnáil téimh agus fuaraithe a mhéadú de réir na bpointí céatadáin táscacha breise a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Treoir seo.

Féadfaidh na Ballstáit leictreachas in-athnuaite a úsáidtear do théamh agus d’fhuarú a áireamh faoi chomhair an mheánmhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír, suas go teorainn 0,4 pointe céatadáin, ar choinníoll go bhfuil éifeachtúlacht an aonaid gineadóra teasa agus fuachta níos airde ná 100 %. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil, leath an leictreachais in-athnuaite sin arna shloinneadh i bpointí céatadáin go huasteorainn 1,0 pointe céatadáin don tréimhse 2021 go 2025 agus go huasteorainn 1,3 pointe céatadáin don tréimhse 2026 go 2030.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ó ghineadóirí teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh faoi chomhair an mhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit acmhainneachtaí measta leictreachais in-athnuaite na n-aonad gineadóra teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ó aonaid gineadóra teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.