+Airteagal 23 Príomhshruthú a dhéanamh ar an bhfuinneamh►C3in-athnuaite◄i dtéamh agus i bhfuarú
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 1a.
---+Airteagal 23 1b.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
|
Airteagal 23 Príomhshruthú a dhéanamh ar an bhfuinneamh►C3in-athnuaite◄i dtéamh agus i bhfuarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, déanfaidh gach Ballstát an sciar fuinnimh in-athnuaite san earnáil sin a mhéadú 0,8 pointe céatadáin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus 1,1 pointe céatadáin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh in-athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, méadú a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den olltomhaltas deiridh fuinnimh agus a ríomhtar i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7. Féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh faoi chomhair na meánmhéaduithe bliantúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, suas le teorainn 0,4 pointe céatadáin. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil, leath na bpointí céatadáin dramhtheasa agus dramhfhuachta a áirítear go huasteorainn de 1,0 pointe céatadáin don tréimhse 2021 go 2025 agus de 1,3 pointe céatadáin don tréimhse 2026 go 2030. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu dramhtheas agus dramhfhuacht a áireamh agus faoin méid measta ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. De bhreis ar na híosmhéaduithe bliantúla sna pointe céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féachfaidh gach Ballstát le sciar an fhuinnimh in-athnuaite ina earnáil téimh agus fuaraithe a mhéadú de réir na bpointí céatadáin táscacha breise a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit leictreachas in-athnuaite a úsáidtear do théamh agus d’fhuarú a áireamh faoi chomhair an mheánmhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír, suas go teorainn 0,4 pointe céatadáin, ar choinníoll go bhfuil éifeachtúlacht an aonaid gineadóra teasa agus fuachta níos airde ná 100 %. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, cuirfear, leis an meánmhéadú bliantúil, leath an leictreachais in-athnuaite sin arna shloinneadh i bpointí céatadáin go huasteorainn 1,0 pointe céatadáin don tréimhse 2021 go 2025 agus go huasteorainn 1,3 pointe céatadáin don tréimhse 2026 go 2030. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ó ghineadóirí teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh faoi chomhair an mhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit acmhainneachtaí measta leictreachais in-athnuaite na n-aonad gineadóra teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ó aonaid gineadóra teasa agus fuachta arb airde a n-éifeachtúlacht ná 100 % a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 23 1a.
|
Chun an sciar den leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú a ríomh chun críocha mhír 1, úsáidfidh na Ballstáit meánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear ina gcríoch sa 2 bhliain roimhe sin.
|
|
Airteagal 23 1b.
|
Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a n-acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil téimh agus fuaraithe lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, anailís ar limistéir atá oiriúnach lena n-imscaradh a bhfuil riosca íseal éiceolaíoch ag baint leo agus ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh tionscadail teaghlaigh ar scála beag. Sa mheasúnú sin, breithneofar teicneolaíocht atá ar fáil agus indéanta go heacnamaíoch le haghaidh úsáidí tionsclaíocha agus baile chun garspriocanna agus bearta a leagan amach chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú i dtéamh agus fuarú agus, i gcás inarb iomchuí, chun úsáid an dramhtheasa agus na dramhfhuachta a mhéadú trí théamh agus fuarú ceantair d’fhonn straitéis náisiúnta fhadtéarmach a bhunú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an truailliú aeir a eascraíonn as téamh agus fuarú a laghdú. Beidh an measúnú sin i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus mar chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus gabhfaidh an measúnú sin leis an measúnú cuimsitheach ar théamh agus fuarú a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.
|
|
Airteagal 23 2.
|
►M2
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, agus a sciar fuinnimh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe agus a mheánmhéadú bliantúil á ríomh i gcomhréir leis an mír sin, lena n-áirítear an méadú táscach breise a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia, maidir le gach Ballstát: ◄
▼M2 —————
▼B
(b)
nuair a a bhfuil a sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ san earnáil téimh agus agus fuaraithe os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil;
(c)
nuair a bhfuil a sciar fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ i dtéamh agus i bhfuarú os cionn 50 % agus suas le 60 %, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil.
Féadfaidh na Ballstáit costéifeachtacht a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu ar bhearta chun foinsí
►C3
in-athnuaite ◄ fuinnimh a imscaradh san earnáil téimh agus fuaraithe, ar bhealach ina léireofar na bacainní struchtúracha a bhaineann leis an sciar ard gáis nádúrtha, an bonneagar fuaraithe nó leis an struchtúr lonnaíochta scaipthe ina bhfuil dlús daonra íseal. I gcás ina mbeadh an meánardú bliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo níos ísle mar thoradh ar na bearta sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil don phobal, trí bhíthin, cuir i gcás, a dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinneamh agus aeráid náisiúnta comhtháite de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus tabharfaidh sé údar cuí ina mbeidh rogha bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo don Choimisiún. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil d’úinéirí nó tionóntaí foirgneamh agus do FBManna maidir le bearta costéifeachtúla, agus ionstraimí airgeadais, chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite sna córais téimh agus fuaraithe. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí comhairleacha inrochtana trédhearcacha.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh na Ballstáit liosta de bhearta a bhunú agus agus a phoibliú, agus na heintitis cur chun feidhme, amhail soláthróirí breosla, comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, a ainmniú agus a phoibliú, a bheidh le rannchuidiú leis an meánardú bliantúil dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Chun an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, a bhaint amach, féachfaidh na Ballstáit le dhá cheann ar a laghad de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:
(a)
fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorprú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí a sholáthraítear i gcomhar téimh agus fuaraithe;
(b)
córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, foirgnimh a nascadh le córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;
(c)
bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena gcruthaítear go gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhísí fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;
(d)
fothú acmhainneachta d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun acmhainneacht áitiúil téimh agus fuaraithe in-athnuaite a mhapáil, chun tionscadail agus bonneagar fuinnimh in-athnuaite a phleanáil agus a chur chun feidhme agus chun comhairle a thabhairt i leith na dtionscadal sin agus an bhonneagair sin;
(e)
creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe agus tionscadail dramhtheasa agus dramhfhuachta a laghdú, lena gceadaítear, inter alia, tionscadail níos lú a chuachadh agus tionscadail den sórt sin a nascadh ar bhealach níos iomlánaíche le bearta eile éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh;
(f)
comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;
(g)
scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le foinsí iontaise téimh, córais téimh nach bhfuil comhoiriúnach le foinsí in-athnuaite nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;
(h)
ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a bhaineann le pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú;
(i)
táirgeadh bithgháis agus a instealladh isteach san eangach gháis a chur chun cinn, seachas é a úsáid chun leictreachas a tháirgeadh;
(j)
bearta lena gcuirtear chun cinn comhtháthú na teicneolaíochta stórála fuinnimh theirmigh i gcórais téimh agus fuaraithe;
(k)
gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair in-athnuaite a chur chun cinn, go háirithe ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí bhearta rialála, socruithe maoiniúcháin agus tacaíocht;
(l)
bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht chomhionann acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile a rannchuidíonn le trealamh in-athnuaite téimh agus fuaraithe a shuiteáil agus gréasáin fuinnimh lena soláthraítear fuinneamh in-athnuaite don téamh agus fuarú i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht a fhorbairt.
Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir orthu, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, teaghlaigh nach mbeadh caipiteal tosaigh leordhóthanach acu chun tairbhe a bhaint as murach sin.
|
|
Airteagal 23 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit na struchtúir ar ann dóibh cheana a úsáid faoi na scéimeanna náisiúnta oibleagáide um choigealtas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 7 de Threoir 2012/27/AE chun na bearta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.
|
|
Airteagal 23 6.
|
I gcás ina n-ainmnítear eintitis faoi mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a rannchuidiú na n-eintiteas ainmnithe sin inmheasta agus infhíoraithe, agus go gcuirfidh na heintitis ainmnithe tuarascáil ar fáil gach bliain maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
an méid iomlán fuinnimh arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;
(b)
an méid iomlán fuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;
(c)
méid iomlán dramhtheasa agus dramhfhuachta arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;
(d)
sciar an fhuinnimh
►C3
in-athnuaite ◄ agus sciar na dramhtheasa agus na dramhfhuachta atá sa mhéid iomlán fuinnimh arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe; agus
(e)
cineál na foinse
►C3
in-athnuaite ◄ fuinnimh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|