+Airteagal 23 4.

Airteagal 23 4.

Chun an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, a bhaint amach, féachfaidh na Ballstáit le dhá cheann ar a laghad de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

(a) 

fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorprú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí a sholáthraítear i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b) 

córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in-athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, foirgnimh a nascadh le córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil nó fuinneamh in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c) 

bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena gcruthaítear go gcomhlíontar an oibleagáid a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite nó ag cuideachta seirbhísí fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in-athnuaite;

(d) 

fothú acmhainneachta d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun acmhainneacht áitiúil téimh agus fuaraithe in-athnuaite a mhapáil, chun tionscadail agus bonneagar fuinnimh in-athnuaite a phleanáil agus a chur chun feidhme agus chun comhairle a thabhairt i leith na dtionscadal sin agus an bhonneagair sin;

(e) 

creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in-athnuaite teasa agus fuaraithe agus tionscadail dramhtheasa agus dramhfhuachta a laghdú, lena gceadaítear, inter alia, tionscadail níos lú a chuachadh agus tionscadail den sórt sin a nascadh ar bhealach níos iomlánaíche le bearta eile éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh;

(f) 

comhaontuithe ceannacháin téimh agus fuaraithe in-athnuaite a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;

(g) 

scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le foinsí iontaise téimh, córais téimh nach bhfuil comhoiriúnach le foinsí in-athnuaite nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(h) 

ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a bhaineann le pleanáil teasa in-athnuaite, lena gcuimsítear fuarú;

(i) 

táirgeadh bithgháis agus a instealladh isteach san eangach gháis a chur chun cinn, seachas é a úsáid chun leictreachas a tháirgeadh;

(j) 

bearta lena gcuirtear chun cinn comhtháthú na teicneolaíochta stórála fuinnimh theirmigh i gcórais téimh agus fuaraithe;

(k) 

gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair in-athnuaite a chur chun cinn, go háirithe ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí bhearta rialála, socruithe maoiniúcháin agus tacaíocht;

(l) 

bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht chomhionann acu, lena n-áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile a rannchuidíonn le trealamh in-athnuaite téimh agus fuaraithe a shuiteáil agus gréasáin fuinnimh lena soláthraítear fuinneamh in-athnuaite don téamh agus fuarú i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht a fhorbairt.

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir orthu, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, teaghlaigh nach mbeadh caipiteal tosaigh leordhóthanach acu chun tairbhe a bhaint as murach sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.