|
+Airteagal 24 5. |
Airteagal 24 5.Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoir córais téimh nó fuaraithe ceantair diúltú soláthróir tríú páirtí a nascadh nó teas nó fuacht ó sholáthróir tríú páirtí a cheannach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)
níl an acmhainneacht riachtanach sa chóras de dheasca soláthairtí eile teasa nó fuachta ó fhoinsí in-athnuaite nó dramhtheasa agus dramhfhuachta;
(b)
ní chomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun nascadh leis na córais agus chun oibriú iontaofa agus sábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú;
(c)
is féidir leis an oibreoir a léiriú go mbeadh, mar thoradh ar rochtain a thabhairt, méadú iomarcach ann ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí deiridh i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthar áitiúil teasa nó fuachta a úsáid, an ceann lena mbeadh an fhoinse in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht ag dul in iomaíocht;
(d)
is córas téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil é córas an oibreora. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a nascadh leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t-oibreoir sin faisnéis faoi na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha atá le comhlíonadh agus bearta atá le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an nascadh a chumasú, ar fáil don údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próiseas iomchuí i bhfeidhm chun diúltú nach bhfuil bonn cirt leis a leigheas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|