+Airteagal 24 Téamh agus fuarú ceantair
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 4a.
---+Airteagal 24 4b.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
---+Airteagal 24 9.
---+Airteagal 24 10.

Airteagal 24 Téamh agus fuarú ceantair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis faoin bhfeidhmíocht fuinnimh agus faoin sciar fuinnimh in-athnuaite atá ina ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, ar bhealach ina mbeidh rochtain éasca uirthi, amhail faisnéis faoi bhillí nó faoi shuíomhanna gréasáin soláthróirí agus faisnéis a iarradh. Déanfar an fhaisnéis faoi sciar an fhuinnimh in-athnuaite a shloinneadh ar a laghad mar chéatadán den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú arna shannadh do chustaiméirí córais téimh agus fuaraithe ceantair ar leith, lena n-áirítear faisnéis faoin méid fuinnimh a úsáideadh chun aonad amháin téimh a sholáthar don chustaiméir nó don úsáideoir deiridh.
Airteagal 24 2.
Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta agus na coinníollacha is gá chun go bhféadfaidh custaiméirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair nach córais “téimh agus fuaraithe éifeachtúla ceantair” iad, nó ar córais iad nach mbeidh éifeachtúil faoin 31 Nollaig 2025 bunaithe ar phlean arna fhormheas ag an údarás inniúil, díscor trína gconradh a fhoirceannadh nó a mhodhnú chun téamh nó fuarú ó fhoinsí ►C3  in-athnuaite ◄ a tháirgeadh iad féin.

I gcás ina bhfuil nasc idir foirceannadh conartha agus díscor fisiciúil, féadfar foirceannadh conartha den chineál sin a bheith faoi choinníoll cúitimh ar na costais a bhaineann go díreach leis an díscor fisiciúil agus don chuid neamh-dímheasaithe de na sócmhainní atá riachtanacha chun teas agus fuacht a chur ar fáil do chustaiméir an chonartha sin.

Airteagal 24 3.
Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun díscor trí fhoirceannadh nó modhnú a gconartha i gcomhréir le mír 2 a theorannú do chustaiméirí atá in ann a thaispeáint go dtiocfaidh feabhas nach beag ar an bhfeidhmíocht fuinnimh as an soláthar malartach do théamh agus fuarú atá á bheartú acu. Féadfar an measúnú feidhmíochta fuinnimh a dhéanfar ar an réiteach maidir le soláthar malartach a bhunú ar an teastas feidhmíochta fuinnimh.
Airteagal 24 4.
Féachfaidh na Ballstáit le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair a mhéadú 2,2 pointe céatadáin táscach mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2021 go 2030, ag tosú le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair in 2020, agus leagfaidh siad síos na bearta is gá chuige sin ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Sloinnfear sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite i dtéarmaí sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú ceantair arna choigeartú de réir na ngnáth-mheándálaí aeráide.

Féadfaidh na Ballstáit an leictreachas in-athnuaite a úsáidtear do théamh agus fuarú ceantair a áireamh sa mheánmhéadú bliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá acu an leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ceantair a áireamh faoi chomhair an mhéadaithe bhliantúil a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainneachtaí leictreachais in-athnuaite measta don téamh agus fuarú ceantair a áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit an méid leictreachais in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ceantair a áireamh ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin.

Airteagal 24 4a.
Chun an sciar den leictreachas in-athnuaite a úsáidtear i dtéamh agus fuarú ceantair a ríomh chun críocha mhír 4, úsáidfidh na Ballstáit meánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear ina gcríoch sa 2 bhliain roimhe sin.

Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair acu atá os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánmhéadú bliantúil dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír. Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus fuarú ceantair acu atá os cionn 50 % agus suas le 60 %, féadfaidh siad aon sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar leath an mheánmhéadaithe bhliantúil dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun an meánmhéadú dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a chur chun feidhme ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Airteagal 24 4b.

Áiritheoidh na Ballstáit go moltar d’oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair os cionn acmhainneacht 25 MWth soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht a nascadh leis na córais nó go moltar dóibh tairiscint a dhéanamh soláthróirí tríú páirtí a nascadh leis na córais nó teas nó fuacht ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó sholáthróirí tríú páirtí a cheannach ar bhonn critéir neamh-idirdhealaitheacha arna leagan síos ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás inar gá d’oibreoirí den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

freastal ar an éileamh ó chustaiméirí nua;

(b) 

acmhainneacht eile a chur in ionad na hacmhainneachta giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana;

(c) 

an acmhainneacht giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana a mhéadú.

Airteagal 24 5.

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoir córais téimh nó fuaraithe ceantair diúltú soláthróir tríú páirtí a nascadh nó teas nó fuacht ó sholáthróir tríú páirtí a cheannach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

níl an acmhainneacht riachtanach sa chóras de dheasca soláthairtí eile teasa nó fuachta ó fhoinsí in-athnuaite nó dramhtheasa agus dramhfhuachta;

(b) 

ní chomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun nascadh leis na córais agus chun oibriú iontaofa agus sábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú;

(c) 

is féidir leis an oibreoir a léiriú go mbeadh, mar thoradh ar rochtain a thabhairt, méadú iomarcach ann ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí deiridh i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthar áitiúil teasa nó fuachta a úsáid, an ceann lena mbeadh an fhoinse in-athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht ag dul in iomaíocht;

(d) 

is córas téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil é córas an oibreora.

Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a nascadh leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t-oibreoir sin faisnéis faoi na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha atá le comhlíonadh agus bearta atá le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an nascadh a chumasú, ar fáil don údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próiseas iomchuí i bhfeidhm chun diúltú nach bhfuil bonn cirt leis a leigheas.

Airteagal 24 6.

I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit creat comhordúcháin i bhfeidhm idir oibreoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair agus na foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a d’fhéadfadh a bheith ann sna hearnálacha tionsclaíocha agus treasacha chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Áiritheofar leis an gcreat comhordúcháin sin idirphlé maidir le húsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta lena mbaineann an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

oibritheoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair;

(b) 

fiontair san earnáil thionsclaíoch agus threasach a ghineann dramhtheas agus dramhfhuacht is féidir a aisghabháil go heacnamaíoch trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair, amhail lárionaid sonraí, gléasraí tionsclaíocha, foirgnimh mhóra tráchtála, saoráidí stórála fuinnimh, agus iompar poiblí;

(c) 

údaráis áitiúla atá freagrach as bonneagar fuinnimh a phleanáil agus a fhormheas;

(d) 

saineolaithe eolaíocha atá ag obair ar an úrscothacht is déanaí maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair; agus

(e) 

comhphobail fuinnimh in-athnuaite a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú.

Airteagal 24 7.
Féadfaidh custaiméirí aonair, gnóthais chomhpháirteacha arna mbunú ag custaiméirí nó ag páirtithe eile thar ceann custaiméirí an ceart chun díscor a fheidhmiú trína gconradh a fhoirceannadh nó a mhodhnú de réir mhír 2. I gcás bloc árasán, ní fhéadfar díscor a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an dlí tithíochta is infheidhme, ach amháin ar leibhéal fhoirgneamh ina iomláine.
Airteagal 24 8.
Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún faoi seach, measúnú ar an acmhainneacht atá ag córais téimh agus fuaraithe ceantair seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile a sholáthar, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil theirmeach farasbairr leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos tíosaí ar acmhainní agus níos costéifeachtúla, i gcomparáid le réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainneacht a sainaithníodh.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a sholáthraíonn oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair a bheith rannpháirteach ina margaí leictreachais.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

Airteagal 24 9.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair a oibriú i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainiú go soiléir, a chur ar fáil go poiblí agus a fhorfheidhmiú.
Airteagal 24 10.

Ní cheanglófar ar Bhallstát míreanna 2 go 9 a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

bhí a sciar de théamh agus fuarú ceantair níos lú ná, nó cothrom le, 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú an 24 Nollaig 2018;

(b) 

méadaítear a sciar de théamh agus fuarú ceantair os cionn 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú an 24 Nollaig 2018 trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtúil nua a fhorbairt ar bhonn a phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna thíolacadh de bhun Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir leis an Rialachán sin agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1b) den Treoir seo;

(c) 

90 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair, tarlaíonn sé i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.