|
+Airteagal 24 6. |
Airteagal 24 6.I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit creat comhordúcháin i bhfeidhm idir oibreoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair agus na foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a d’fhéadfadh a bheith ann sna hearnálacha tionsclaíocha agus treasacha chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Áiritheofar leis an gcreat comhordúcháin sin idirphlé maidir le húsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta lena mbaineann an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)
oibritheoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair;
(b)
fiontair san earnáil thionsclaíoch agus threasach a ghineann dramhtheas agus dramhfhuacht is féidir a aisghabháil go heacnamaíoch trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair, amhail lárionaid sonraí, gléasraí tionsclaíocha, foirgnimh mhóra tráchtála, saoráidí stórála fuinnimh, agus iompar poiblí;
(c)
údaráis áitiúla atá freagrach as bonneagar fuinnimh a phleanáil agus a fhormheas;
(d)
saineolaithe eolaíocha atá ag obair ar an úrscothacht is déanaí maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair; agus
(e)
comhphobail fuinnimh in-athnuaite a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|