|
+Airteagal 24 8. |
Airteagal 24 8.Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún faoi seach, measúnú ar an acmhainneacht atá ag córais téimh agus fuaraithe ceantair seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile a sholáthar, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil theirmeach farasbairr leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos tíosaí ar acmhainní agus níos costéifeachtúla, i gcomparáid le réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainneacht a sainaithníodh. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach. Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a sholáthraíonn oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair a bheith rannpháirteach ina margaí leictreachais. Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n-áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|