|
+Airteagal 27 1. |
Airteagal 27 1.Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
déanfar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar a leanas:
(i)
i gcás bithbhreosla agus bithgháis, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh de réir Airteagal 31;
(ii)
i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);
(iii)
i gcás leictreachas in-athnuaite, tríd an méid leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
(b)
ríomhfar an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), go dtí an 31 Nollaig 2030 trí mhéid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V; ón 1 Eanáir 2031, is é a bheidh sa bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), suim na nithe seo a leanas:
(i)
méid na mbreoslaí a sholáthraítear do gach modh iompair arna iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
(ii)
méid an leictreachais a sholáthraítear do gach modh iompair arna iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
(c)
chun na méideanna ábhartha fuinnimh a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(i)
chun méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(ii)
chun luach fuinnimh na mbreoslaí iompair nach n-áirítear in Iarscríbhinn III a chinneadh, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó, i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, caighdeáin ábhartha ISO;
(iii)
cinntear méid an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear d’earnáil an iompair trí mhéid an leictreachais a sholáthraítear don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa 2 bhliain roimhe sin, mura bhfaightear leictreachas ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus mura soláthraítear é d’earnáil an iompair, agus sa chás sin, áireofar an leictreachas go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite agus féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltas ag an bhfeithicil féin a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite;
(iv)
beidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear d’earnáil an iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;
(d)
cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite trí na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis, an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c)(iv), den mhír seo a mhéadú, agus infhaighteacht an bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX á cur san áireamh. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhéadú den sórt sin mar aon leis na cúiseanna leis sin, agus beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|