+Airteagal 27 Rialacha ríomha in earnáil an iompair agus maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch beag beann ar a n-úsáid deiridh
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.

Airteagal 27 Rialacha ríomha in earnáil an iompair agus maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch beag beann ar a n-úsáid deiridh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.

Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

déanfar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar a leanas:

(i) 

i gcás bithbhreosla agus bithgháis, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh de réir Airteagal 31;

(ii) 

i gcás breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna gcinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

(iii) 

i gcás leictreachas in-athnuaite, tríd an méid leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b) 

ríomhfar an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), go dtí an 31 Nollaig 2030 trí mhéid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V; ón 1 Eanáir 2031, is é a bheidh sa bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), suim na nithe seo a leanas:

(i) 

méid na mbreoslaí a sholáthraítear do gach modh iompair arna iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(ii) 

méid an leictreachais a sholáthraítear do gach modh iompair arna iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c) 

chun na méideanna ábhartha fuinnimh a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i) 

chun méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(ii) 

chun luach fuinnimh na mbreoslaí iompair nach n-áirítear in Iarscríbhinn III a chinneadh, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó, i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, caighdeáin ábhartha ISO;

(iii) 

cinntear méid an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear d’earnáil an iompair trí mhéid an leictreachais a sholáthraítear don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa 2 bhliain roimhe sin, mura bhfaightear leictreachas ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus mura soláthraítear é d’earnáil an iompair, agus sa chás sin, áireofar an leictreachas go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite agus féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltas ag an bhfeithicil féin a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite;

(iv) 

beidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear d’earnáil an iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

(d) 

cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite trí na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis, an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c)(iv), den mhír seo a mhéadú, agus infhaighteacht an bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX á cur san áireamh. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhéadú den sórt sin mar aon leis na cúiseanna leis sin, agus beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.

Airteagal 27 2.

Chun na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(i) agus pointe (b), a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) 

chun an t-ainmneoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh a thomhlaítear in earnáil an iompair, cuirfear na breoslaí agus an leictreachas go léir a sholáthraítear d’earnáil an iompair san áireamh;

(b) 

chun an t-uimhreoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a thomhlaítear in earnáil an iompair chun críocha Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, cuirfear san áireamh luach fuinnimh gach cineáil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair, lena n-áirítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta, i gcríoch gach Ballstáit; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh;

(c) 

measfar go bhfuil dhá oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch;

(d) 

measfar go bhfuil ceithre oiread a luacha fuinnimh sa sciar de leictreachas in-athnuaite nuair a chuirtear ar fáil d’fheithiclí bóthair é agus féadfar a mheas go bhfuil 1,5 oiread a luacha fuinnimh sa sciar sin nuair a chuirtear ar fáil d’iompar iarnróid é;

(e) 

measfar go bhfuil 1,2 oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a sholáthraítear sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí agus measfar go bhfuil 1,5 oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a sholáthraítear sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí;

(f) 

beidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear d’earnáil an iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

(g) 

chun méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(h) 

chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach n-áirítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó, i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, caighdeáin ábhartha ISO;

(i) 

déanfar méid an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear in earnáil an iompair a chinneadh trí mhéid an leictreachais a sholáthraítear don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa 2 bhliain roimhe sin, mura bhfaightear leictreachas ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus mura soláthraítear é d’earnáil an iompair, agus sa chás sin, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite agus féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltas ag an bhfeithicil féin a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite.

Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis, an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a mhéadú, agus infhaighteacht an bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX á cur san áireamh. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhéadú den sórt sin, mar aon leis an gcúis atá leis sin, agus beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.

Airteagal 27 3.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a leasú tríd an teorainn ar an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a oiriúnú ar bhonn measúnú ar infhaighteacht an bhunábhair. Beidh an teorainn sin cothrom le 1,7 % ar a laghad. Má dhéanann an Coimisiún gníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh, beidh feidhm ag an teorainn a leagtar amach ann freisin maidir le Ballstáit a bhfuil formheas faighte acu ón gCoimisiún chun an teorainn a mhéadú, i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, nó mír 2, an dara fomhír, den Airteagal seo, tar éis idirthréimhse 5 bliana, gan dochar do cheart an Bhallstáit an teorainn nua sin a chur i bhfeidhm níos luaithe. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar fhormheas nua ón gCoimisiún le haghaidh méadú ar an teorainn a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, nó le mír 2, an dara fomhír, den Airteagal seo.
Airteagal 27 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a leasú trí bhreoslaí iompair agus a luach fuinnimh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Airteagal 27 5.
Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), agus i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (a), measfar nach mó ná 13 %, mar chion d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Bhallstáit sin, méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair mhuirí. I gcás na Cipire agus Mhálta, measfar nach mó ná 5 %, mar chion d’olltomhaltas deiridh fuinnimh na mBallstát sin, méid an fhuinnimh a thomhlaítear in earnáil an iompair mhuirí. Beidh feidhm ag an mír seo go dtí an 31 Nollaig 2030.
Airteagal 27 6.
I gcás ina n-úsáidtear leictreachas chun breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, bainfear úsáid as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh 2 bhliain roimh an mbliain atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite a chinneadh.

Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas in-athnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na suiteála:

(a) 

cuirtear i mbun feidhme é tar éis na suiteála lena ngintear na breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó ag an am céanna; agus

(b) 

níl sé nasctha leis an eangach nó tá sé nasctha leis an eangach ach is féidir fianaise a chur ar fáil gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach.

Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí in-athnuaite agus gur léiríodh na hairíonna in-athnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna in-athnuaite an leictreachais sin a áireamh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin.

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú lena leagtar amach rialacha mionsonraithe trína gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo.

Faoin 1 Iúil 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar thionchar mhodheolaíocht an Aontais a leagtar amach i gcomhréir leis an gceathrú fomhír, lena n-áirítear tionchar na breisíochta agus an chomhghaoil ama agus gheografaigh ar chostais táirgthe, ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an gcóras fuinnimh.

Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ón gCoimisiún, go háirithe, ar an tionchar atá ar infhaighteacht agus inacmhainneacht breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair agus ar chumas an Aontais a spriocanna maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a bhaint amach, agus straitéis an Aontais maidir le hidrigin allmhairithe agus intíre i gcomhréir le hAirteagal 22a á cur san áireamh, agus an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an leictreachais agus sa chóras foriomlán fuinnimh á íoslaghdú san am céanna. I gcás inarb é conclúid na tuarascála sin nach leor na ceanglais chun infhaighteacht agus inacmhainneacht leordhóthanach breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch d’earnálacha na tionsclaíochta agus an iompair a áirithiú agus nach rannchuidíonn siad go suntasach le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, le comhtháthú an chórais fuinnimh agus le baint amach spriocanna an Aontais maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a leagtar amach do 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar mhodheolaíocht an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an mhodheolaíocht sin a leasú, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na critéir a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo chun borradh faoi thionscal na hidrigine a éascú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.