|
+Airteagal 27 2. |
Airteagal 27 2.Chun na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(i) agus pointe (b), a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
(a)
chun an t-ainmneoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh a thomhlaítear in earnáil an iompair, cuirfear na breoslaí agus an leictreachas go léir a sholáthraítear d’earnáil an iompair san áireamh;
(b)
chun an t-uimhreoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a thomhlaítear in earnáil an iompair chun críocha Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, cuirfear san áireamh luach fuinnimh gach cineáil fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair, lena n-áirítear do bhuncair mhuirí idirnáisiúnta, i gcríoch gach Ballstáit; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh;
(c)
measfar go bhfuil dhá oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear in Iarscríbhinn IX agus ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch;
(d)
measfar go bhfuil ceithre oiread a luacha fuinnimh sa sciar de leictreachas in-athnuaite nuair a chuirtear ar fáil d’fheithiclí bóthair é agus féadfar a mheas go bhfuil 1,5 oiread a luacha fuinnimh sa sciar sin nuair a chuirtear ar fáil d’iompar iarnróid é;
(e)
measfar go bhfuil 1,2 oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a sholáthraítear sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí agus measfar go bhfuil 1,5 oiread a luacha fuinnimh sa sciar de bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a sholáthraítear sna modhanna eitlíochta agus iompair mhuirí;
(f)
beidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear d’earnáil an iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;
(g)
chun méid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(h)
chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach n-áirítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit na caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh, nó, i gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, caighdeáin ábhartha ISO;
(i)
déanfar méid an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear in earnáil an iompair a chinneadh trí mhéid an leictreachais a sholáthraítear don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa 2 bhliain roimhe sin, mura bhfaightear leictreachas ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in-athnuaite agus mura soláthraítear é d’earnáil an iompair, agus sa chás sin, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite agus féadfar leictreachas arna ghiniúint ag feithicil ghrianleictreach agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltas ag an bhfeithicil féin a áireamh go hiomlán mar leictreachas in-athnuaite. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis, an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), den mhír seo a mhéadú, agus infhaighteacht an bhunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX á cur san áireamh. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhéadú den sórt sin, mar aon leis an gcúis atá leis sin, agus beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|