+Airteagal 29 1.

Airteagal 29 1.

Ní chuirfear san áireamh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna ná ó bhreoslaí bithmhaise chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den fhomhír seo ach amháin má chomhlíonann siad na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i míreanna 2 go 7 agus mír 10:

▼M2

(a) 

rannchuidiú le sciartha fuinnimh in-athnuaite na mBallstát agus na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(1);

▼B

(b) 

tomhas a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le fuinneamh ►C3  in-athnuaite ◄ a úsáid, lena n-áirítear an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 25;

(c) 

incháilitheacht maidir le tacaíocht airgeadais do thomhaltas bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.

Mar sin féin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó dhramhaíl agus ó iarmhair nach iarmhair thalmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh ná foraoiseachta iad, ní gá dóibh sin ach na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10 a chomhlíonadh chun go gcuirfí san áireamh iad chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo. I gcás dramhaíl mheasctha a úsáid, áfach, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí córais sórtála dramhaíola measctha a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh ábhair iontaise a bhaint. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéanamh díobh.

Ní bheidh an leictreachas, téamh nó fuarú a tháirgtear ó dhramhaíl sholadach chathrach faoi réir na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10.

Le breoslaí bithmhaise, comhlíonfar na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 má úsáidtear iad:

(a) 

i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán agus 7,5 MW nó ar mó ná sin é;

(b) 

i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán agus 2 MW nó ar mó ná sin é;

(c) 

i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:

(i) 

os cionn 200 m3 meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú, eadhon 0 °C agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach;

(ii) 

má tá bithghás comhdhéanta de mheascán de mheatán agus de ghás neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), arna athríomh i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán.

Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu.

Beidh feidhm ag na criteir maidir le hinbhuanaitheacht agus astaíochtaí gás cheaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus mír 10 beag beann ar thionscnamh geografach na bithmhaise.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.