|
+Airteagal 29 3. |
Airteagal 29 3.I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige, eadhon talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige i mí Eanáir 2008 nó dá héis, beag beann ar cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an talamh an stádas sin:
(a)
foraois phríomhúil agus coillearnach eile, eadhon foraois agus coillearnach eile ar de speicis dúchais iad, i gcás nach bhfuil aon léiriú soiléir infheicthe ann maidir le gníomhaíocht an duine agus nach gcuirtear isteach go suntasach ar na próisis éiceolaíocha; agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite;
(b)
foraois agus coillearnach eile an-bhithéagsúil a bhfuil an-chuid speiceas inti agus nach bhfuil díghrádaithe, agus atá sainaitheanta mar fhoraois nó coillearnach an-bhithéagsúil ag an údarás inniúil ábhartha, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;
(c)
limistéir arna n-ainmniú:
(i)
ag an dlí nó ag na húdaráis inniúla ábhartha chun críoch cosanta dúlra, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin; nó
(ii)
chun cosaint a thabhairt d’éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, ar éiceachórais nó speicis iad a aithnítear le comhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra, faoi réir a n-aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 30(4), an chéad fhomhír, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;
(d)
féarthalamh an-bhithéagsúil is fairsinge ná heicteáir amháin ar ceann amháin de na nithe seo a leanas é:
(i)
féarthalamh nádúrtha, eadhon féarthalamh a d’fhanfadh ina fhéarthalamh in éagmais ghníomhaíocht an duine agus a choinníonn slán comhdhéanamh na speiceas nádúrtha agus na próisis agus saintréithe éiceolaíocha; nó
(ii)
féarthalamh neamhnádúrtha, eadhon féarthalamh nach bhfanfadh ina fhéarthalamh in éagmais ghníomhaíocht an duine, a bhfuil an-chuid speiceas ann agus nach bhfuil díghrádaithe agus arna aithint ag an údarás inniúil ábhartha mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear gur gá an bunábhar a bhaint chun a stádas mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil a chaomhnú; nó
(e)
fraochmhá. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an gcéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de phointe (c), maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuilleadh na critéir chun a chinneadh cén féarthalamh atá le cumhdach faoin gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|