+Airteagal 29 4.

Airteagal 29 4.

I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar atá talamh a raibh aon cheann de na stádais seo thíos aige i mí Eanáir 2008 agus nár choinnigh an stádas sin:

(a) 

bogach, mar atá talamh a bhíonn faoi uisce nó báite, go buan nó ar feadh cuid mhaith den bhliain;

(b) 

limistéir foraoise gan bhriseadh, mar atá talamh is fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ;

(c) 

talamh is fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige idir 10 % agus 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; mura bhfuil fianaise ar fáil lena léireofar go bhfágann stoc carbóin an limistéir roimh a thiontú nó ina dhiaidh go sásaítear na coinníollach a leagtar síos i mír 10 den Airteagal seo ach an mhodheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás ina raibh ag an talamh, tráth a bhfuarthas an bunábhar, an stádas céanna a bhí aige in Eanáir 2008.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6, pointí (a)(vi) agus (vii), tá feidhm freisin ag an gcéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de phointí (b) agus (c), agus an dara fomhír den mhír seo maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.