+Airteagal 29 6.

Airteagal 29 6.

I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas chun an riosca go n-úsáidfí bithmhais foraoise ó tháirgeadh neamh-inbhuanaitheach a laghdú:

(a) 

tá ag an tír inar baineadh an bhithmhais foraoise dlíthe náisiúnta agus/nó fonáisiúnta is infheidhme i limistéar na bainte mar aon le córais forfheidhmiúcháin agus faireacháin lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(i) 

dlíthiúlacht na n-oibríochtaí buainte;

(ii) 

athghiniúint foraoise ar na limistéir a baineadh;

▼M2

(iii) 

go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críoch cosanta dúlra, lena n-áirítear i mbogaigh, féarthalamh, fraochmhá agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis sin an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc;

(iv) 

go ndéantar an bhuaint agus aird á tabhairt ar cháilíocht na hithreach agus an bhithéagsúlacht a choinneáil i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur le haon drochthionchar, ar bhealach lena seachnaítear buaint stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla, agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, nó tiontú na bhforaoisí sin ina bhforaoisí plandála, agus buaint ar ithreacha leochaileacha, go ndéantar an bhuaint i gcomhréir leis na huastairseacha le haghaidh glanleaganacha crann mór mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, agus le tairseacha coinneála atá iomchuí go háitiúil agus go héiceolaíoch d’eastóscadh adhmaid mhairbh agus go ndéantar an bhuaint i gcomhréir le ceanglais chun úsáid a bhaint as córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear aon drochthionchar ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga;

▼B

(v) 

go ndéantar an bhuaint cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a fheabhsú;

▼M2

(vi) 

na foraoisí inar baineadh an bhithmhais foraoise, ní ó thailte ag a bhfuil na stádais dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b), (d) agus (e), mír 4, pointe (a), agus i mír 5, faoi seach, iad faoi na coinníollacha céanna chun stádas talún a shonraítear sna míreanna sin a chinneadh; agus

(vii) 

maidir le suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ó bhithmhais foraoise, go n-eisíonn siad ráiteas dearbhaithe, a bhfuil próisis inmheánacha ar leibhéal cuideachta mar bhonn taca leis, chun críoch na n-iniúchtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 30(3), á rá nach bhfaightear an bhithmhais foraoise ó na tailte dá dtagraítear i bpointe (vi) den fhomhír seo.

▼B

(b) 

i gcás nach ann don fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, agus na breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise más rud é go bhfuil córais bainistíochta ann ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i) 

dlíthiúlacht na n-oibríochtaí buainte;

(ii) 

athghiniúint foraoise ar na limistéir a baineadh;

▼M2

(iii) 

go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás inniúil ábhartha chun críoch cosanta dúlra, lena n-áirítear i mbogaigh, féarthalamh, fraochmhá agus tailte portaigh, a chosaint agus é mar aidhm leis sin an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus scriosadh gnáthóg a chosc, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nach gcuireann baint an amhábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(iv) 

go ndéantar an bhuaint agus aird á tabhairt ar cháilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil, i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus é mar aidhm leis sin cosc a chur le haon drochthionchar, ar bhealach lena seachnaítear buaint stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla, agus foraoisí seanfháis mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, nó tiontú na bhforaoisí sin ina bhforaoisí plandála, agus buaint ar ithreacha leochaileacha, go ndéantar an bhuaint i gcomhréir leis na huastairseacha le haghaidh glanleaganacha crann mór mar a shainmhínítear sa tír ina bhfuil an fhoraois suite, agus le tairseacha coinneála atá iomchuí go háitiúil agus go héiceolaíoch d’eastóscadh adhmaid mhairbh agus go ndéantar an bhuaint i gcomhréir le ceanglais chun úsáid a bhaint as córais lománaíochta lena n-íoslaghdaítear aon drochthionchar ar cháilíocht na hithreach, lena n-áirítear balcadh ithreach, agus ar ghnéithe bithéagsúlachta agus ar ghnáthóga; agus

▼B

(v) 

go ndéantar an bhuaint cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a fheabhsú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.