|
+Airteagal 29 10. |
Airteagal 29 10.Is é seo a leanas an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascróidh as úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna, agus breoslaí bithmhaise a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1:
(a)
50 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair, agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ar 5 Deireadh Fómhair 2015 nó roimhe;
(b)
60 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair, agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 6 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2020;
(c)
65 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 1 Eanáir 2021;
(d)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a thosaigh ag oibriú tar éis an 20 Samhain 2023, ar a laghad 80 %;
(e)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos mó ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú idir an 1 Eanáir 2021 agus an 20 Samhain 2023, 70 % ar a laghad go dtí an 31 Nollaig 2029, agus 80 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2030;
(f)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise gásacha a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos lú ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú idir an 1 Eanáir 2021 agus an 20 Samhain 2023, 70 % ar a laghad sula raibh siad ag oibriú ar feadh 15 bliana, agus ar a laghad 80 % tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana;
(g)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos mó ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú roimh an 1 Eanáir 2021, ar a laghad 80 % tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana, ar a luaithe ón 1 Eanáir 2026 agus ar a dhéanaí ón 31 Nollaig 2029;
(h)
do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise gásacha a úsáidtear i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán cothrom le nó níos lú ná 10 MW, ar suiteálacha iad a thosaigh ag oibriú roimh an 1 Eanáir 2021, 80 % ar a laghad tar éis dóibh a bheith ag oibriú ar feadh 15 bliana agus ar a luaithe ón 1 Eanáir 2026. Measfar suiteáil a bheith i mbun feidhme a luaithe a bheidh tús curtha le táirgeadh fisiciúil bithbhreoslaí, bithgháis arna thomhailt san earnáil iompair agus bithleachtanna agus tairgeadh fisiciúil don téamh agus don fhuarú, agus leictreachais ó bhreoslaí bithmhaise. Déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis arna thomhailt san earnáil iompair, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha táirgthe téimh, fuaraithe agus leictreachais a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 31(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|