+Airteagal 29 11.

Airteagal 29 11.

Ní dhéanfar leictreachas ó bhreosla bithmhaise a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ach amháin má chomhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déantar é a tháirgeadh i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán faoi 50 MW; nó

(b) 

i gcás suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán idir 50 agus 100 MW, déantar é a tháirgeadh trí theicneolaíocht ardéireachtúil chomhghiniúna a chur i bhfeidhm, nó i gcás suiteálacha leictreachais amháin a chomhlíonann leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEELanna), mar a shainmhínítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442 ón gCoimisiún ( 25 );

(c) 

i gcás suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán os cionn 50 MW, déantar é a tháirgeadh trí theicneolaíocht chomhghiniúna ardéifeachtúlachta a chur i bhfeidhm, nó, i gcás suiteálacha leictreachais amháin, a bhaineann amach leibhéal glanéifeachtúlachta leictreachais de 36 % ar a laghad;

(d) 

déantar é a tháirgeadh trí Ghabháil agus Stóráil CO2 Bithmhaise a chur i bhfeidhm.

Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfear suiteálacha leictreachais amháin san áireamh ach amháin i gcás nach n-úsáideann siad breoslaí iontaise mar phríomhbhreosla agus i gcás nach bhfuil acmhainneacht chostéifeachtach ann maidir le teicneolaíocht chomhghiniúna ardéifeachtúlachta de réir an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2012/27/AE.

Chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an mhír seoacu ach amháin maidir le suiteálacha a rachaidh i mbun feidhme nó a chomshóitear ionas gur féidir leo úsáid a bhaint as breoslaí bithmhaise tar éis an 25 Nollaig 2021. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo ní dochar an mhír seo do thacaíocht arna tabhairt faoi scéimeanna tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4 arna bhformheas faoin 25 Nollaig 2021.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos airde ná na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar shuiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe is ísle ná sin acu.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le leictreachas arna tháirgeadh i suiteálacha ar thug Ballstát fógra sonrach don Choimisiún ina leith agus an fógra sin bunaithe ar fhianaise chuí-réasúnaithe go mbaineann rioscaí le cinnteacht an tsoláthair leictreachais sin. Ar mheasúnú an fhógra sin dó, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina gcuirfear san áireamh na heilimintí sin ar fad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.