|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.I gcás ina bhfuil breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le háireamh faoi chomhair na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(1), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a chruthú, trí bhíthin iniúchtaí éigeantacha neamhspleácha agus trédhearcacha, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, gur comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i leith breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Chuige sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
is féidir leis coinsíneachtaí de bhunábhar nó de bhreoslaí nach ionann a dtréithe inbhuanaitheachta ná a dtréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheascadh, mar shampla: i gcoimeádán, i saoráid próiseála nó saoráid lóistíochtúil, in infreastruchtúr tarchurtha nó dáileacháin nó ar shuíomh;
(b)
is féidir leis coinsíneachtaí de bhunábhar nach ionann a luach fuinnimh a mheascadh chun go bpróiseálfaí a thuilleadh iad, ar choinníoll go ndéantar méid na gcoinsíneachtaí a oiriúnú i gcomhréir lena luach fuinnimh;
(c)
ceanglófar leis faisnéis maidir le hairíonna inbhuanaitheachta agus airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méideanna na gcoinsíneachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) chun go bhfágfaí sa mheascán é; agus
(d)
déantar foráil chun gur féidir a rá i dtaobh suim na gcoinsíneachtaí ar fad a baineadh amach as an meascán gurb ionann airíonna inbhuanaitheachta dóibh, ach na cainníochtaí céanna a bheith i gceist, agus suim na gcoinsíneachtaí móide an meascán agus ní mór an t-iarmhéid sin a bhaint amach le linn tréimhse iomchuí. Áiritheofar leis an gcóras cothromúcháin maise nach ndéanfar gach coinsíneacht a áireamh ach an t-aon uair amháin i bpointe (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1) chun olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí ►C3 in-athnuaite ◄ a ríomh agus tabharfar faisnéis ann i dtaobh ar tugadh nó nár tugadh tacaíocht do tháirgeadh na coinsíneachta sin, agus más amhlaidh a tugadh, maidir le cineál na scéime tacaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|